Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 52
Anuas air sin, rinne roinnt Comhlach píolótú ar mhúnla meantóireachta trí chuairt a thabhairt ar scoileanna
agus comhairle a chur ar fáil do mhúinteoirí teangacha nach múinteoir chomh minic céanna. Bhí na
cuairteanna píolótacha seo mar bhunús do mhúnla meantóireachta ar scála níos mó, atá beartaithe le cur i
bhfeidhm le múinteoirí breise sa scoilbhliain 2023-2024.
Mar a tharla sna blianta roimhe seo, cuireadh deiseanna uasoiliúna ar fáil do Chomhlaigh chun a ninniúlachtaí gairmiúla a fhorbairt tuilleadh. Áiríodh leis seo oiliúint bhreise a bhain le meantóireacht,
cumarsáid, agus Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT). D’éascaigh gach Comhlach Pobail
Chleachtais ina réigiúin agus chuir siad oiliúint ar fáil do Chúntóirí Teangacha Iasachta agus do Mhúinteoirí
Comhoibrithe.
Tionchar:
•
Leathnaíonn obair Chomhlaigh TIBÉ tionchar TIBÉ agus tógann sí naisc le múinteoirí NTI agus CTInna ar
fud na tíre.
•
Cuireadh go mór leis an tacaíocht do chúntóirí teanga mar gheall ar rannpháirtíocht neartaithe na
gcomhlach sa scéim CTI agus chabhraigh sí le fadhbanna a réiteach go luath sula dtéann siad in olcas.
•
Bhí gealladh faoin múnla meantóireacht a ndearnadh píolótú air mar mhúnla chun tacaíocht a chur ar fáil
do mhúinteoirí teangacha nach múintear chomh minic céanna. Tá pleananna ann cur leis an múnla seo sa
scoilbhliain atá le teacht.
Na chéad chéimeanna eile
•
Suirbhé a dhéanamh ar mhúinteoirí NTI chun riachtanais atá ag teacht chun cinn a fháil amach
•
PCanna téamacha a eagrú chun fóram a chur ar fáil do mhúinteoirí chun smaointe ar na topaicí seo a
mhalartú
52
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -