Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 53
Scéim do Mhúinteoirí Spáinnise ar Cuairt
Chuir 9 n-iar-bhunscoil isteach uirthi
Gníomh 1.D.1
Tugadh áit do 3 mhúinteoir
Léargas Ginearálta:
Is comhaontú idir an Roinn Oideachais in Éirinn agus an Aireacht Oideachais agus Cultúir sa Spáinn í Scéim
do Mhúinteoirí Spáinnise ar Cuairt. Bhí rath ar an gclár i ndlínsí eile leis na blianta agus is í an scoilbhliain
2023-2024 an tríú bliain den chlár in Éirinn.
Príomhaidhmeanna:
•
Aghaidh a thabhairt ar easpa múinteoirí cáilithe Spáinnise in Éirinn
•
Tacú leis an gcuraclam i scoileanna na hÉireann trí fholúntais do mhúinteoirí Spáinnise a líonadh le hoidí
Spáinneacha atá ardoilte
•
An deis a thabhairt do scoláirí in iar-bhunscoileanna na hÉireann bualadh le daoine ó chultúir eile,
cumarsáid a dhéanamh leo, iad a thuiscint agus meas a léiriú orthu.
•
Tacú le scoileanna agus caidrimh agus malartuithe á bhforbairt acu le scoileanna na múinteoirí Spáinnise
ar cuairt
Gníomhaíocht:
D’oibrigh TIBÉ i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Consejería de Educación agus iad ag roghnú
múinteoirí agus scoileanna. Chuir scoileanna agallaimh ar iarrthóirí ón ngearrliosta, agus cheap siad an tiarrthóir is fearr a mheaitseáil a gcritéir roghnaithe. Thug TIBÉ clár ionduchtaithe do na múinteoirí agus
thacaigh siad leo leis an bpáipéarachas riachtanach. Anuas air sin, tacaíonn TIBÉ le múinteoirí ar cuairt i rith na
scoilbhliana ina gcuid scoileanna óstacha.
Fágann an ghéarchéim lóistín reatha go raibh sé an-deacair ar na múinteoirí teacht ar áit chónaithe, rud a
chiallaigh nach raibh na hiarrthóirí ar fad a roghnaíodh in ann páirt a ghlacadh sa chlár.
Tionchar:
Bhí an t-aiseolas ó scoileanna thar a bheith dearfach agus táimid ag súil go leanfar leis an spéis sa chlár. Tá
múinteoir amháin ag leanúint ar aghaidh ina post don bhliain acadúil 2023-2024 mar gheall ar an tionchar
dearfach a bhí aici ar an scoil.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Leanúint de thacú le seachadadh an chláir don scoilbhliain 2024-2025 faoi mar atá leagtha amach sa
chomhaontú nua chun cur le saolré an chláir
•
Suas le 10 múinteoir eile a chur i scoileanna
•
Dul ar cuairt chuig scoileanna chun tuairimí na bhfoirne bainistíochta scoile, agus tuairimí múinteoirí atá
rannpháirteach sa chlár, a bhailiú
•
Rannpháirtíocht rathúil sa chlár a thaispeáint ag baint úsáid as físeáin chun cur le líon na ndaoine a
roghnaíonn a bheith páirteach amach anseo
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
53