Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 57
FCÁT – Foghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teangacha
220 scoláire iar-bhunscoile
26 múinteoir
24 scoil
Gníomh. 1.E.3
70 mac léinn OTM
Léargas Ginearálta:
Is cur chuige oideachasúil é FCÁT (Foghlaim Chomhtháite Ábhair agus Teangacha) ina ndírítear ar dhá
phointe – úsáidtear teanga bhreise chun ábhar agus teanga a mhúineadh. Tá TIBÉ ag obair le múinteoirí
inseirbhíse agus réamhsheirbhíse chun cur le soláthar FCÁT in Éirinn.
In 2023 tháinig deireadh le treoirthionscadal dhá bhliain a thug TIBÉ isteach in 2021 agus coimisiúnaíodh
tuarascáil mheastóireachta neamhspleách chun féachaint an bhféadfaí FCÁT a úsáid chun tacú le foghlaim
teangacha iasachta in Éirinn agus chun í a threisiú.
Anuas ar an bpíolótú do mhúinteoirí inseirbhíse, áiríodh le gníomhaíocht FCÁT in 2023 cuireadh a tugadh do
mhúinteoirí réamhsheirbhísí ó 7 soláthróir Oiliúint Tosaigh Múinteoirí (OTM) freastal ar dhiancheardlann lae
FCÁT, a d’éascaigh TIBÉ, in Ollscoil Mhá Nuad.
Bhí deis ag múinteoirí inseirbhíse agus réamhsheirbhíse araon níos mó a fhoghlaim faoi FCÁT trí Chruinniú
Mullaigh de chuid Connect Languages a raibh CLIL mar théama lárnach ann. Thug an saineolaí, an tOllamh
María Luisa Pérez Cañado, eochairchaint ar an ábhar ‘Is CLIL [FCÁT] worth the hype?’ agus thug sí léargas ar na
buntáistí teanga, cognaíocha, modheolaíochta agus socheacnamaíocha a chuireann CLIL ar fáil do scoláirí.
Chuir Gemma Kelly, comhlach TIBÉ, agus múinteoir NTI, Clotilde de Fréin, a ghlac páirt in uasoiliúint FCÁT TIBÉ
cheana, chuir siad ceardlanna tiomnaithe FCÁT ar fáil i rith an lae freisin. Bhí póstaer a tharraingíonn aird ar
obair TIBÉ at FCÁT ar taispeáint chomh maith.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
57