Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 6
Réamhrá do TIBÉ
Is aonad é Teangacha Iar-Bhunscoile Éireann (TIBÉ) atá tiomnaithe do chur chun cinn saineolais agus tacaíocht
d’oideachas teangacha iasachta in Éirinn. Bunaíodh TIBÉ ar dtús i Meán Fómhair 2000 le cúram múineadh
teangacha i scoileanna dara leibhéal ar fud na hÉireann a éagsúlú, a fheabhsú agus a leathnú. Tá sé seo fós
lárnach dá chúram agus dírítear ar fheabhsú agus leathnú a dhéanamh deiseanna atá ar fáil chun teangacha
iasachta a fhoghlaim a bhaineann le riachtanais chultúrtha, shóisialta agus eacnamaíocha na hÉireann amach
anseo. Laistigh de chúram níos leithne faoi láthair tá soláthar den mhodúl samplach ‘Cuir Fáilte Roimh
Theangacha’ i scoileanna. Is iad aidhmeanna an mhodúil seo ná cur le feasacht na ndaltaí maidir leis an raon
teangacha a úsáideann a bpiaraí, lena n-áirítear Teanga Chomharthaíochta na hÉireann, ina scoileanna agus ina
bpobail chun tacú le cuimsiú níos fearr agus tuiscint ar éagsúlacht sa tsochaí, daoine a spreagadh chun staidéar
a dhéanamh ar theangacha ag leibhéal na hiar-bhunscoile, deiseanna a chur ar fáil do bhreis comhoibrithe i
bpobal na scoile maidir le ceiliúradh a dhéanamh ar theangacha agus ar chultúir, agus chun tacú le Languages
Connect, Straitéis do Theangacha Iasachta san Oideachas in Éirinn 2017–2026.
Is é TIBÉ an t-aon eagraíocht atá tiomnaithe do thacú le teangacha iasachta in Éirinn, agus aithnítear a ról
tábhachtach in Languages Connect – Straitéis do Theangacha Iasachta san Oideachas in Éirinn 2017-26, arbh é
an comhthéacs do ghníomhaíochtaí TIBÉ. Díríonn siad seo ar chur i bhfeidhm príomhghníomhartha na straitéise
seo. Tá 23 sa chroífhoireann anois. Tá Comhairleoir Seapáinise ar fhoireann TIBÉ chomh maith, atá ar iasacht ó
Fhondúireacht na Seapáine. Anuas air sin, fostaíonn TIBÉ Oifigigh Forbartha a mhúineann i scoileanna (6 don
tSínis, 21 don tSeapáinis, 1 don Chóiréis, 2 don Liotuáinis, 16 don Pholainnis, 4 don Phortaingéilis, 2 don Rómáinis
agus 6 don Rúisis).
Tá ról níos leithne freisin do TIBÉ i gcur i bhfeidhm na straitéise, san áireamh tá daoine a chur ar an eolas,
rannpháirtíocht fostóirí agus teangacha sa tsochaí, chomh maith le gnéithe tábhachtacha den chur i bhfeidhm,
a bhaineann le teangacha san oideachas. Cuid eile dá ról ná taighde feidhmeach a dhéanamh, a dhéanann eolas
agus tacaíocht don pholasaí.
6
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -