Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 60
Mar chuid den cheardlann seo bhí seisiúin iomlánacha agus seisiúin ar leithligh a dhírigh ar bhunphrionsabail
FCÁT, taithí ar cheacht FCÁT, gníomhaíochtaí FCÁT a phleanáil, agus súil a chaitheamh ar FCÁT i ngníomh i
gcomhthéacs eile comhchosúla. Tar éis an rath a bhí ar an lá, reáchtáladh cruinnithe le soláthróirí OTM le
féachaint ar an lá a dhéanamh le cohórt eile mac léinn amach anseo, agus fiosraíodh roghanna chun FCÁT a
áireamh i gcláir OTM.
Scaipeadh ghníomhaíocht FCÁT
Ghlac TIBÉ páirt sna comhdhálacha ‘Language and Education Policy in Ireland’ agus ‘World CLIL’. Ag an dá
imeacht, cuireadh i láthair cur chuige píolótach TIBÉ do FCÁT NTI in iar-bhunscoileanna na hÉireann. Tar éis an
rath a bhí ar chomhdháil World CLIL, d’éirigh le hiarracht TIBÉ World CLIL 2025 a óstáil in Éirinn mar chuid de
chuibhreannas le hOllscoil Mhá Nuad agus Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Tionchar:
•
Fuarthas amach sa mheastóireacht gur thaitin cur chuige FCÁT le scoláirí agus gur mhéadaigh sé a muinín
i réimse scileanna, rud a chuir ar a gcumas dul chun maith nó níos fearr a dhéanamh. Bhí cur chuige FCÁT
agus an taithí dhearfach ar fhoghlaim agus ar ghnóthachtáil ar an mbealach seo thar a bheith spreagúil.
Moladh mar sin go gcuirfí FCÁT ar fáil do níos mó scoláirí, san Idirbhliain agus laistigh de na cláir
churaclaim eile san iar-bhunscolaíocht, amhail an tSraith Shóisearach, an Ardteistiméireacht Bhunaithe, nó
cláir eile na hArdteistiméireachta, amhail an Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF), nó Gairmchlár na
hArdteistiméireachta (GCAT).
•
Mhéadaigh an cheardlann FCÁT do mhic léinn OTM an tionchar ó mhúinteoirí inseirbhíse amháin go dtí
na daoine atá ag ullmhú chun tús a chur lena gairmeacha teagaisc teangacha. Trí FCÁT a neadú mar chur
chuige ag an gcéim seo, méadaítear a bhfeasacht ar na tairbhí agus spreagtar iad chun FCÁT a chur lena
bhfoirne uirlisí oideolaíocha.
•
Bhí FCÁT mar fhócas lárnach ag Cruinniú Mullaigh de Languages Connect agus tá méadú suntasach
tagtha ar an bhfeasacht ar FCÁT de bharr an líon ard daoine a bhí i láthair. Tá méadú faoi dhó tagtha ar
léirithe spéise in uasoiliúint FCÁT ó reáchtáladh an Cruinniú Mullaigh.
60
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -