Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 62
Sprioc 1 – Ag Dul Chun Cinn
Leanfaidh TIBÉ de bheith ag obair le hambasáidí chun uasoiliúint teanga agus deiseanna FGL a mhéadú do
mhúinteoirí. Leanfaimid freisin ag cur uasoiliúint teanga ar fáil do mhúinteoirí atá cáilithe sa teanga ach nach
bhfuil á múineadh faoi láthair agus ag tairiscint scéim mhaoinithe na comhairle múinteoireachta maidir le
heasnamh sna critéir chlárúcháin do mhúinteoirí a bhfuil creidiúintí is easnamh acu chun clárú leis an
gComhairle Mhúinteoireachta. Cuirfidh siad seo go mór leis an toilleadh sa chóras. Caithfear fiosrú a dhéanamh
freisin ar bhealaí chun cláir Oideachas Tosaigh Múinteoirí agus nasc-chúrsaí a sholáthar ar mhaithe le soláthar
a dhéanamh do na teangacha curaclaim nach múintear chomh minic céanna.
De réir mar a leanann an Roinn Oideachais ag cur le líon na gCúntóirí Teangacha Iasachta, leanfaidh TIBÉ ar
aghaidh ag cur acmhainní agus tacaíocht ar fáil chun rath agus feabhsú leanúnach na scéime a chinntiú agus
oibreoidh sé leis an Roinn chun cuir chuig nuálacha a fhiosrú chun cabhrú le scoileanna i gceantair iargúlta CTI
a fháil dá scoláirí. Fiosrófar freisin deiseanna chun an clár comhlántach Cúntóirí Béarla a threisiú tuilleadh mar
mhodh chun cumas teangacha iasachta a fhorbairt don earnáil oideachais agus níos faide i gcéin. Thabharfadh
an taighde tosaigh maidir leis an scéim seo le fios go bhfuil scóip ann chun cumas teangacha a fhorbairt agus
toilleadh breise a chur le gairm na múinteoireachta i gcomhthéacs an chláir seo le torthaí a thabharfadh le
tuiscint go dtéann 42% de rannpháirtithe an chláir isteach i ngairm na múinteoireachta. D’fheabhsaigh
beagnach gach ceann acu a leibhéal inniúlachta i dteanga na tíre a ndeachaigh siad chuici, agus dúirt 62% go
mbeadh suim acu cuidiú chun na buntáistí a bhaineann le foghlaim teangacha iasachta a chur chun cinn agus
mar sin ní mór oibriú ar chórais chun an acmhainn seo a threisiú.
Bealach chun tacú le soghluaisteacht scoláirí i gcomhthéacs malartuithe scoile is ea maoiniú Erasmus+, agus is
deis é beocht a chur i dteangacha trí ionchur agus úsáid teanga atá barántúil a chur ar fáil. Bealach tábhachtach
FGL is ea cláir soghluaisteachta múinteoirí arna n-éascú ag Erasmus+. Tosóidh TIBÉ ag bogadh ón Maoiniú do
Mhalartuithe Scoile a chur ar fáil agus déanfaidh siad scoileanna a spreagadh chun cur isteach ar mhaoiniú
Erasmus+ chun tacú leis an ngníomhaíocht thábhachtach seo. Spreagfaidh TIBÉ múinteoirí chomh maith chun
leas a bhaint as deontais i gcomhair uasoiliúint teanga.
Tá rannpháirtíocht mhaith ag múinteoirí i bPobail Chleachtais agus tá TIBÉ ag freagairt d’aiseolas ó mhúinteoirí
trí níos mó grúpaí sainspéise agus teanga a éascú. Ag dul ar aghaidh, ní mór don chomhoibriú le páirtithe
leasmhara tábhacht agus luach na líonraí d’fhorbairt ghairmiúil múinteoirí a threisiú agus leanfar den fhiosrú
ar chórais chun a chinntiú gur féidir leis na líonraí iad féin a choinneáil ag dul.
Leanfaidh TIBÉ ar aghaidh ag taispeáint eiseamláirí dea-chleachtais i ngach teanga agus ag soláthar acmhainní
agus ranganna teagaisc ábhartha ar theicneolaíochtaí digiteacha chun caighdeán an teagaisc agus na foghlama
a fheabhsú. Tá Intleacht Shaorga (IS) ina gné thábhachtach anois sa chomhthéacs seo, agus táimid tiomáint
d’fhiosrú a dhéanamh ar úsáid na hintleachta saorga mar acmhainní chun cabhrú le teagasc agus foghlaim NTI.
Ní mór FCÁT a leathnú agus a thabhairt isteach i mblianta luatha na hiar-bhunscolaíochta, agus mar chuid de
thabhairt isteach teangacha iasachta i gcuraclam na bunscoile. Chuirfeadh sé seo ar chumas na scoláirí dul i
ngleic leis an sprioctheanga i gcomhthéacsanna fiúntacha atá lán den ábhar, ag cur dlús le foghlaim teanga
agus as a dtiocfaidh feabhas ar inniúlacht agus líofacht teanga gan tionchar diúltach a imirt ar fhoghlaim an
ábhair. Tacóidh modheolaíocht FCÁT freisin le foghlaimeoirí le Béarla/Gaeilge mar theanga bhreise acu rochtain
a fháil ar an gcuraclam, rud a chinntíonn oideachas ardchaighdeáin dóibh agus a laghdaíonn éagothroime.
Caithfear leanúint den chomhoibriú le páirtithe leasmhara a bhí ina ghné mhór d’obair na bliana 2023 i
gcomhthéacs an chomhairliúcháin ar an athbhreithniú straitéise agus sa Chruinniú Mullaigh de chuid Languages
Connect araon chun dea-chleachtas a scaipeadh agus a roinnt agus chun tuilleadh réimsí forbartha a fhiosrú.
62
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -