Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 64
Tá sé mar aidhm ag Sprioc 2 éagsúlú a dhéanamh ar na
teangacha a noghlaimítear, iad a mhéadú, agus teangacha na
nua-Éireannach a chur chun cinn. Tá sé seo á thabhairt isteach
trí úsáid a bhaint as múinteoirí cuartaíochta; soláthar teangacha
tearctheagasctha, agus múnlaí éagsúla seachadta á bpíolótú,
amhail ranganna roinnte i measc scoileanna, foghlaim
chumaisc, gearrchúrsaí, ranganna Idirbhliana agus
Ardteistiméireachta, agus scoileanna a spreagadh na teangacha
a chuireann siad ar fáil a éagsúlú trí scéim bhreise leithdháilte.
Cuirtear creat cuimsitheach FGL agus tacaíocht ar fáil chomh
maith chun cabhrú le múinteoirí leis seo. Tá Sprioc 2 á chur i
bhfeidhm ag leibhéal na bunscoile chomh maith tríd an
modúl samplach bunscoile, ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’ a
éascú. Tugadh ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’ isteach sa
scoilbhliain 2021/2022 i gcomhthéacs forbairtí ag an leibhéal
bunscoile, agus tá sé mar aidhm aige gach rud a chur i dtreo
thabhairt isteach na Nuatheangacha Iasachta i
gCuraclam na Bunscoile ó 2025 ar aghaidh. Cuirtear
deis ar fáil do bhunscoileanna rannpháirteacha leis
an modúl chun gnéithe d’fheasacht teanga agus
chultúrtha a thabhairt isteach taobh le
foghlaim teangacha.
64