Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 67
Leithdháileadh Breise do Scoileanna chun tacú
le héagsúlú i Soláthar Teangacha Iasachta
14 Scoil
53 Rang
Gníomh 2.A.4
2 Rang ar an Satharn
Léargas Ginearálta:
Ligeann leithdháileadh breise d’iar-bhunscoileanna uaireanta tiomnaithe a chur ar fáil chun teangacha agus
teangacha tearctheagasctha a sholáthar, cinn a cuireadh le curaclam na hArdteistiméireachta le déanaí, chun
críche éagsúlacht i soláthar teangacha iasachta. Don bhliain acadúil 2023/24, cuimseofar leis an
leithdháileadh breise na teangacha a cuireadh leis an gcuraclam le déanaí, is iad sin Liotuáinis, Mandairínis,
Polainnis agus Portaingéilis mar aon leis na teangacha nach múintear chomh minic céanna: Iodáilis, Seapáinis
agus Rúisis. Is múinteoirí cáilithe iar-bhunscoile iad na múinteoirí incháilithe.
Príomhaidhmeanna:
•
Cuir le líon na scoláirí a dhéanann staidéar ar theangacha iasachta i scoileanna agus éagsúlú a dhéanamh
ar raon na dteangacha a mhúintear ag leibhéal iar-bhunscoile
•
Cuir ar chumas na scoileanna úinéireacht a ghlacadh ar ábhair nua teanga a thacaíonn le
hinbhuanaitheacht fhadtéarmach
Gníomhaíocht:
In 2023, fuair 14 scoil leithdháileadh d’uaireanta breise. Tugadh Seapáinis isteach i scoil amháin agus tugadh
Polainnis isteach i scoil eile in 2023. Ar an iomlán, cuireadh Seapáinis ar fáil i gcúig scoil, bhí Iodáilis ar fáil i
gcúig scoil, bhí Polainnis ar fáil in dhá scoil, bhí Rúisis ar fáil i scoil amháin, agus bhí Sínis ar fáil i scoil amháin.
Ar an iomlán, bhain 53 rang scoláirí leas as an soláthar ar fud na tíre.
Tacaítear le scoileanna le forbairt an ábhair nua trí chuairteanna ó bhaill d’Fhoireann Teagaisc agus Foghlama
TIBÉ. Faigheann siad tacaíocht freisin chun inbhuanaitheacht an tsoláthair a spreagadh.
Tionchar:
•
Méadaíodh líon iomlán na scoileanna go 14 scoil
•
D’fhostaigh dhá scoil nua múinteoirí, ceann amháin don tSeapáinis agus ceann eile don Pholainnis
•
Sna scoileanna atá ag baint leas as leithdháileadh breise cheana féin, leathnaíodh an tairiscint go dtí níos
mó ranganna agus bliainghrúpaí - is ionann líon iomlán na ranganna scoláirí a bhaineann leas as
leithdháileadh breise agus 53 rang.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Cuir na deiseanna a luaitear i gCiorclán 0006/2020 chun cinn arís
•
Lean le tacaíocht spriocdhírithe do scoileanna
•
Éascaigh leithdháileadh breise do bhreis scoileanna sa chéad scoilbhliain eile.
•
Athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an Scéim Leithdháilte Breise mar bhealach chun teangacha nua sa
churaclam agus cinn nach múintear chomh minic céanna a leabú go hinbhuanaithe sa scoil agus chun
tacú le héagsúlú an tsoláthair
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
67