Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 68
Múnlaí Nuálacha Soláthair: Polainnis don
Ardteistiméireacht, Tionscadal Foghlama Cumaisc
47 coláire sa tSraith Shinsearach
2 Mhúinteoir Polainnise
Gníomh 2.A.4
6 Scoil
Léargas Ginearálta:
Tionscadal comhoibríoch idir Teangacha iar-bhunscoile Éireann (TIBÉ), Bord Oideachais agus Oiliúna an
Chabháin agus Mhuineacháin (CMETB), agus H2 Learning is ea Polainnis na hArdteistiméireachta, Tionscadal
Foghlama Cumaisc. Leis na comhpháirtithe seo, tá TIBÉ tar éis cúrsa iomlán Pholainnis na hArdteistiméireachta
a chur ar fáil i sé scoil de chuid CMETB trí mhúnla foghlama cumaisc. Tá an cur chuige seo ar aon líne le
Languages Connect – Straitéis do Theangacha Iasachta san Oideachas in Éirinn (2017-2026) a aithníonn “an gá
le héagsúlú thar theangacha reatha an churaclaim agus tacú leis na hÉireannaigh nua chun cur lena gcumas a
gcuid teangacha féin a labhairt agus an cumas seo a chothabháil”. Moltar sa straitéis go ndéanfaí píolótú ar
roinnt gníomhartha chun teangacha nach múintear chomh minic céanna a thabhairt isteach i scoileanna, lena
n-áirítear múnlaí foghlama cumaisc.
Táthar ag súil go mbeidh foghlaim chumaisc ar fáil mar mhodh soláthair do scoláirí i níos mó scoileanna, agus
go gcuirfeadh sé seo ar chumas líon suntasach cainteoirí imirceacha Polainnise litearthacht a choinneáil ina
dteanga bhaile. Is freagra pobail é an tionscadal seo ar Chlár an Rialtais chun glacadh le héagsúlacht i mBord
Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin.
Príomhaidhmeanna:
•
Polainnis a chur ar fáil do scoláirí trí mhúnla cumaisc chun aghaidh a thabhairt ar an easpa de thairseach
chriticiúil scoláirí i scoil ar bith
•
Tacú le cothromas an tsoláthair – rochtain a thabhairt do scoláirí ar ábhar nach mbeadh fáil acu air murach
sin
•
Scafláil a ullmhú do na cúrsaí foghlama cumaisc atá éifeachtach, cuimsitheach agus tarraingteach
•
Daoine óga a spreagadh chun réimse inniúlachtaí a fhorbairt
•
Léargais a thabhairt d’fhorbairt cúrsaí foghlama cumaisc i dteangacha eile amach anseo
Gníomhaíocht:
Ag tógáil ar rath an tionscadail sa chéad dá bhliain, cuireadh cúrsa iomlán Pholainnis na Sraithe Sinsearaí ar fáil i
sé scoil CMETB ó mhí Mheán Fómhair 2023. Dearadh le cúrsa le bheith múinte in 180 uair an chloig thar dhá
scoil bhliain. Tá ranganna ar líne, ranganna féintreoraithe agus ranganna ar an láthair i scoileanna
rannpháirteacha mar chuid de. Tá beirt mhúinteoirí agus 47 scoláire mar chuid den tionscadal faoi láthair
Tá na scoileanna CMETB a leanas ag glacadh páirte ó mhí Mheán Fómhair 2023:
• Coláiste Dún an Rí, Dún an Rí, Co. an Chabháin • Coláiste Naomh Maodhóg, an Bábhún Buí, Co. an Chabháin
68
• Coláiste Bhreifne, an Cabhán
• Coláiste Inbhir, Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin
• Coláiste Ard Feá, Muineachán
• Coláiste Naomh Bricin, Béal Tairbirt, Co. an Chabháin
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -