Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 7
Struchtúr agus Rialachas
Is aonad tiomnaithe é TIBÉ faoi choimirce an Aonaid Polasaí Curaclaim agus Measúnaithe i Roinn an Oideachais
(RO). Is fochoiste de chuid Grúpa Comhairleacha Teangacha Iasachta (FLAG) é coiste bainistíochta TIBÉ – Grúpa
Comhairleach Iar-bhunscoile Teangacha Iasachta (FLAGPP). Bunaíodh é in 2018 chun maoirseacht agus
monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Straitéis Languages Connect. Tuairiscíonn FLAGPP do FLAG.
Tugann an coiste seo comhairle agus tacaíocht, más cuí, do TIBÉ agus RO; cuireann sé deis plé ar chur i bhfeidhm
polasaí reatha agus comhairlíonn FLAG ar threo/tosaíochtaí don straitéis i réimse na hiar-bhunscoile sa todhchaí;
tugann sé na príomhpháirtithe leasmhara le chéile chun comhairle a chur ar fáil ó réimse dearcthaí, chun tacú le
cur i bhfeidhm na Straitéise; déanann sé monatóireacht ar chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach na
ngnéithe/gníomhartha polasaí sa Straitéis agus sa Phlean Cur i bhFeidhm.
Is ball den chigireacht sa Roinn Oideachais a dhéanann cathaoirleacht ar FLAGPP, Maria Lorigan i láthair na huaire,
agus is ionadaí í ar son na cigireachta fosta ar FLAG. Cuireann TIBÉ an rúnaíocht ar fáil. I measc na mball ar an
bhfochoiste, tá ionadaithe iar-bhunscoile ó FLAG mar aon le saineolaithe eile cuí.
Faigheann TIBÉ maoiniú 100% ón RO. Faoi láthair, tá siad lonnaithe ag an Mol Digiteach ar Shráid Thomáis, Baile
Átha Cliath 8 agus úsáideann siad seirbhísí arna gcur ar fáil ag Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath.
Baill den Choiste
(Déanfar athbhreithniú ar bhallraíocht bunaithe ar dhaoine imithe ar scor agus ar athbhreithniú eatramhach na
straitéise)
Cigireacht na Roinne Oideachais, an Cathaoirleach
Maria Lorigan
Aonad Polasaí Curaclaim agus Measúnaithe
Leona De Khors, Lorcán Ó hAlmhain
TIBÉ
Karen Ruddock
ITE, Ollscoil Mhá Nuad
n Dr Céline Healy
NAPD
Regina Butler
CNCM
Elizabeth Butler
CSS
Anne Marie Manton
Líonraí Proifisiúnta Múinteoirí Teanga
Wilma Slevin
Saineolaí Teangacha agus Príomhoide ar Scor,
Pobalscoil Bhaile an Hartaigh
John Bean
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
7