Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 70
•
Léiríonn torthaí i scrúdú Polainnise na hArdteistiméireachta 2023 go raibh ardleibhéal gnóthachtála ann i
measc scoláirí rannpháirteacha a chuir lena bhféidearthachtaí acadúla agus gairmiúla. Thug 19 scoláire
faoi scrúdú Polainnise na hArdteistiméireachta – bronnadh A1 ar ochtar, A2 ar sheisear, agus A3 ar
cheathrar. Bhí beirt de na scoláirí ag tabhairt faoin Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF), a léiríonn nádúr
cuimsitheach an chláir, a fhreastalaíonn ar chonairí foghlama éagsúla.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Leanúint de bheith ag feabhsú an tionscadail bunaithe ar aiseolas ó na scoláirí, ríomh-mhúinteoirí, ríomhmheantóirí agus scoileanna
•
Scéalta ratha an tionscadail a scaipeadh agus ról a thabhairt do na rannpháirtithe chun an tionscadal seo
a chur chun cinn i measc páirtithe leasmhara ábhartha amhail Ionaid Oiliúna agus Bhreisoideachais eile,
Ag Foghlaim le Chéile, srl.
•
Machnamh a dhéanamh ar thionscadail nua foghlama cumaisc a sholáthar do theangacha eile le
comhpháirtithe breise
70
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -