Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 72
Tionchar:
Chláraigh 646 scoláire don chlár Ranganna ar an Satharn a chuir TIBÉ ar fáil i mí Mheán Fómhair 2023. I measc
an líon seo bhí clárúcháin nua don 5ú bliain agus scoláirí a bhí ag filleadh don 6ú bliain.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Leanúint ar aghaidh ag cur ranganna ar fáil ar an Satharn i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, agus i nGaillimh
•
Leanúint ar aghaidh ag leathnú ranganna ar líne chun freastal ar scoláirí nach bhfuil in ann rochtain a fháil
ar ranganna ar an láthair mar gheall ar an áit a bhfuil cónaí orthu
•
Leanúint le fiosrú a dhéanamh ar mhúnlaí nuálacha soláthair chun tacú le cothabháil na teanga baile agus
le héagsúlú acmhainn teangacha iasachta
•
Fiosrú a dhéanamh ar sholáthar ranganna ar líne do theangacha curaclaim a cuireadh leis le déanaí agus
do theangacha nach múintear go minic i scoileanna ó lárionad satailíte
72
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -