Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 73
Cóiréis Gníomh
447 Scoláire
Gníomh 2.A.4
2.A.6
2.C.1
1 Mhúinteoir
7 Scoil
Léargas Ginearálta:
Cuirtear fáilte roimh an gCóiréis sna 7 scoil i mBaile Átha
Cliath ina bhfuil sí ar fáil mar mhodúl Idirbhliana, a chuireann
múinteoir atá fostaithe ag TIBÉ ar fáil. Tacaíonn TIBÉ leis an
múinteoir Cóiréise trí FGL, seisiúin oiliúna agus
meantóireacht. I gcomhar le hAmbasáid na Cóiré, féachann
TIBÉ le tacú le comhtháthú agus cur chun cinn na Cóiréise
agus oideachas ar chultúr na Cóiré in iar-bhunscoileanna
agus i gcomhthéacsanna oideachais níos leithne araon.
Príomhaidhmeanna:
•
Rochtain ar mhodúl Cóiréise san Idirbhliain a éascú d’iarbhunscoileanna
•
Deis a chur ar fáil do scoláirí chun foghlaim faoin gCóiréis
agus faoi chultúr na Cóiré i dtimpeallacht na
sprioctheanga agus ina dtimpeallacht féin
•
Cur le heolas daoine ar an gCóiréis agus ar chultúr na Cóiré
sa scoil agus sa phobal áitiúil
Gníomhaíocht:
Sa bhliain 2023, bhí modúl Idirbhliana sa Chóiréis ar fáil i seacht
scoil, agus ghlac 447 scoláire páirt. Mar aon le teagasc teanga,
chuir an múinteoir Cóiréise leis an eispéireas foghlama trí
cheardlanna cultúir a reáchtáil a chuir le saibhreas an mhodúil
Idirbhliana sa Chóiréis.
Ó bhí 2019 ann, d’eagraigh TIBÉ agus ionadaithe ó Choimisiún
na hEorpa imeachtaí le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar
Oíche Chultúir agus ar Lá Eorpach na dTeangacha. Mar chuid
den cheiliúradh seo, cuireadh blasranganna teanga ar fáil don
phobal. Bhí an Chóiréis lárnach sna ranganna seo le blianta
beaga anuas, agus bhí an-tóir ar na ranganna a d’éascaigh an
múinteoir Cóiréise de chuid TIBÉ.
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
73