Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 76
Rómáinis
233 Scoláire.
Gníomh 2.A.4
6 Múinteoir
6 Scoil
4 Rang ar an Satharn
Léargas Ginearálta:
Tacaíonn TIBÉ le ranganna Rómáinis chun cur le soláthar i scoileanna, agus chun níos mó scoláirí a spreagadh
chun cothabháil nó forbairt a dhéanamh ar litearthacht ina dteanga bhaile nó ina dteanga oidhreachta.
Eagraítear é seo ar dhá bhealach – trí thacaíocht airgeadais do scoileanna, sa chás sin earcaíonn an scoil
múinteoir, nó go díreach trí ranganna ar an Satharn a eagraíonn TIBÉ.
Príomhaidhmeanna:
•
Tacú le soláthar ranganna Rómáinise in iar-bhunscoileanna ina bhfuil tairseach chriticiúil de scoláirí a
labhraíonn Rómáinis
•
Rochtain níos leithne ar an Rómáinis a chur ar fáil trí ranganna ar an Satharn a sholáthar do Rómáinis na
hArdteistiméireachta
Gníomhaíocht:
In 2023, cuireadh maoiniú ar fáil do cheithre iar-bhunscoil i mBaile Átha Cliath, a lig dóibh ábhair a fháil agus
ranganna Rómáinise a eagrú do bhreis is 100 scoláire sa tSraith Shinsearach. B’ionann seo agus méadú
suntasach ar an dá scoil ar tacaíodh leo in 2022. Thacaigh na ranganna seo le 115 scoláire agus iad ag ullmhú
dá scrúdú Rómáinise nach bhfuil ar churaclam na hArdteistiméireachta.
Bhí méadú chomh maith ar an éileamh ar áiteanna i ranganna Rómáinise ar an Satharn a reáchtáil TIBÉ.
Earcaíodh an dara múinteoir, agus in 2023 éascaíodh ceithre rang. In 2023, d’fhreastail 118 scoláire ar na
ranganna Ardteistiméireachta ar an Satharn i mBaile Átha Cliath.
In 2023, d’fhorbair TIBÉ mata teanga agus acmhainní ar féidir iad a oscailt lena n-úsáid sa seomra ranga chun
tacú le foghlaimeoirí teanga. Dearadh iad chun cumarsáid sa sprioctheanga a spreagadh.
Tionchar:
•
Trí ranganna Rómáinise a chur ar fáil ar scoil spreagtar níos mó scoláirí a dteanga bhaile a choinneáil agus
scrúdú na hArdteistiméireachta sa Rómáinis a dhéanamh. Cé gur ábhar neamhchuraclaim í an Rómáinis,
méadaíonn líon na scoláirí a fhreastalaíonn ar ranganna Rómáinise ar an Satharn gach bliain.
•
Tháinig méadú ar líon na scoláirí a dhéanann scrúdú na hArdteistiméireachta sa Rómáinis ó 237 in 2020
go 367 in 2023.
•
Tá scoláirí tar éis tuiscint níos doimhne a fháil ar a gcultúr agus a dtraidisiúin trí fheabhas a chur ar a gcuid
Rómáinise
76
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -