Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 78
Sínis
1,856 Scoláire.
Gníomh 2.A.4
2.A.6
2.B.4
2.C.1
6 Múinteoir
29 Scoil
7 Rang ar an Satharn
Léargas Ginearálta:
In 2023, bhí thart ar 300 scoláire sa tSraith Shóisear agus 1,400 scoláire ag foghlaim Mandairínise i modúil
Idirbhliana a sholáthar múinteoirí TIBÉ. Bhí breis is 100 scoláire ag déanamh staidéar ar an tSínis mar ábhar
Ardteistiméireachta ina scoileanna féin, mar chuid dá timpeallacht foghlama áitiúil, agus páirt á ghlacadh acu
i ranganna ar an láthair gach Satharn, nó ag comhoibriú le piaraí ar fud na tíre ar líne. Lean TIBÉ de bheith ag
dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara ar gach leibhéal trí acmhainn teagaisc agus foghlama Sínise a
fhorbairt. Rinneadh é seo trí rannpháirtíocht le cláir Oiliúint Tosaigh Múinteoirí (OTM) agus san Fhorbairt
Ghairmiúil Leanúnach (FGL), trí chuir i láthair ag imeachtaí acadúla agus pobail agus trí fheachtais ardaithe
feasachta a reáchtáil.
Príomhaidhmeanna:
•
Caighdeán sholáthar na Sínise i scoileanna a fheabhsú
•
Líon na ndaoine a roghnaíonn Sínis a mhéadú ag gach leibhéal i scoileanna
•
FGL agus tacaíocht ghairmiúil a chur ar fáil do mhúinteoirí Sínise inseirbhíse agus d’ábhair oide
•
Bunú Oiliúint Tosaigh Múinteoirí a chur chun cinn chun múinteoirí Sínise a cháiliú
•
Cabhrú le scoláirí agus tuismitheoirí le ceisteanna agus acmhainní a bhaineann le curaclam na Sínise
Gníomhaíocht:
Soláthar Sínise
I rith 2023, bhí ról lárnach ag TIBÉ i bhfeabhas a chur ar oideachas
Sínise trí ghnáth-amchláir scoile agus ranganna ar an Satharn araon.
Dhírigh múinteoirí TIBÉ iad féin ar chur chuige iomlánaíoch i leith
sealbhú teanga, ag nascadh teagasc cultúrtha le scileanna teanga,
agus ar an gcaoi sin cothaíodh tuiscint agus léirthuiscint dhomhain
ar inniúlachtaí ilteangacha agus ilchultúrtha i measc a gcuid
scoláirí. Thug an cur chuige cuimsitheach seo deis do scoláirí iad
féin a thumadh i dteanga agus i gcultúr na Síne, rud a bhí ina
chloch mhíle thábhachtach do go leor díobh ina n-aistear
oideachasúil. Léirigh aiseolas a bailíodh ó scoileanna agus ó
scoláirí tionchar dearfach na dtionscnamh seo. Bhí sé suntasach
gur thuairiscigh na scoláirí a bhí cláraithe ar chúrsaí Sínise na hArdteistiméireachta
gnóthachtálacha suntasacha, le hathrú ar a ndearcadh tosaigh i leith na teanga. Agus iad ag machnamh ar an
gcúrsa, dúirt go leor scoláirí go raibh na cúrsaí níos tarraingtí agus nár chuir sé an t-imeaglú céanna orthu
lena raibh siad ag súil, rud a chur le heispéireas foghlama claochlaitheach.
78
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -