Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 83
Tionchar:
•
Tá líon na scoileanna agus na scoláirí ag tabhairt faoi Sheapáinis na hArdteistiméireachta tar éis a bheith
seasmhach. Tá 277 scoláire ag tabhairt faoi ranganna Seapáinise don Ardteistiméireacht in iarbhunscoileanna agus faigheann 113 scoláire sa 5ú agus 6ú bliain rochtain ar ranganna Seapáinise ar an
Satharn de chuid TIBÉ i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus ar líne.
•
Nuair a chuirtear an Idirbhliain san áireamh, tá 2,313 scoláire ag foghlaim na Seapáinise sa tSraith
Shinsearach
•
Thug TIBÉ ranganna Seapáinise isteach sa tSraith Shóisearach ceithre bliana ó shin agus tá siad tar éis a
bheith á reáchtáil i dtrí scoil, le 123 scoláire ag glacadh páirte ar an iomlán
•
Tá líon na mbunscoileanna a ghlacann páirt in ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’ a roghnaíonn Seapáinis tar
éis méadú go suntasach ó 2 scoil in 22/23 go 13 scoil in 23/24
Na chéad chéimeanna eile:
•
Leanúint le soláthar ranganna Seapáinise in 2024
•
Múinteoirí agus Cúntóirí Teanga Iasachta a earcú agus oiliúint a chur orthu
•
Leanúint ag cur FGL ar fáil do gach múinteoir
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
83