Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 84
Portaingéilis
490 Scoláire.
Gníomh 2.A.6
2.C.1
3 Mhúinteoir
2 Rang ar líne ar an Satharn
8 Rang Idirbhliana
Léargas Ginearálta:
Tacaíonn TIBÉ le soláthar na Portaingéilise trí ranganna Idirbhliana agus ranganna Ardteistiméireachta ar líne.
Príomhaidhmeanna:
•
Deis a chur ar fáil do scoláire an Phortaingéilis a choinneáil mar theanga oidhreachta agus a scrúdú
Ardteistiméireachta a dhéanamh.
•
Deis a thabhairt do scoláirí Idirbhliana taithí a fháil ar theanga nua.
Gníomhaíocht:
Tugadh Ranganna Ardteistiméireachta isteach ar bhonn píolótach sna scoilbhlianta 2021-2023. Ba iad scoláirí
a thug faoin Ardteistiméireacht in 2023 an chéad chohórt chun an cúrsa seo a chur i gcrích.
Tar éis an rath a bhí ar an soláthar píolótach seo, beartaíodh leanúint ar aghaidh le rolladh amach an mhúnla
soláthair seo sna scoilbhlianta atá le teacht.
Oibríonn TIBÉ i gcomhar le H2 Learning chun an cúrsa ar líne a chur i bhfeidhm. Bíonn na ranganna ar siúl
gach Satharn le linn an téarma, agus maireann siad trí uair an chloig. Téann TIBÉ i gcomhairle leis na
hambasáidí ábhar chomh maith chun deiseanna do theagasc agus foghlaim na Portaingéilise a chur chun
cinn agus a scaipeadh. Thug Oifigigh Forbartha na Portaingéilise cur i láthair ag Cruinniú Mullaigh de chuid
Languages Connect a bhí ar siúl i mí Dheireadh Fómhair 2023. Pléadh ina gcur i láthair conas dul i ngleic leis
an difreáil sa seomra ranga Portaingéilise ar líne.
Ceadaíonn tacú le soláthar ranganna Portaingéilise san Idirbhliain do scoláirí taithí a fháil ar theanga agus
chultúr nua a fhoghlaim. Is féidir leo an taithí atá acu ar theanga a fhoghlaim chun tógáil ar fhoghlaim na
Portaingéilise. Agus líon na gcainteoirí Portaingéilise ag dul i méid inár scoileanna, cuireann ranganna
Portaingéilise san Idirbhliain le cuimsiú agus le forbairt inniúlachtaí idirchultúrtha.
Tacaíonn TIBÉ leis na hOifigigh Forbartha a chuireann ranganna Idirbhliana agus Ardteistiméireachta
“Bíonn na
ar fáil trí dheiseanna FGL, pobail chleachtais a éascú agus meantóireacht leanúnach.
ranganna an-spraíúil
agus is breá liom a
Tionchar:
•
Don scoilbhliain 2023-2024, chláraigh 32 scoláire ó 22 scoil
éagsúil i ranganna Ardteistiméireachta ar líne
•
Bronnadh marcanna arda sa Scrúdú Ardteistiméireachta ar
na scoláirí a d’fhreastail ar ranganna ar an Satharn ar líne.
•
Chuir TIBÉ ranganna Portaingéilise ar fáil do scoláirí
Idirbhliana thar 6 scoil i gceantar Bhaile Átha Cliath, le 345
scoláire ag glacadh páirte.
“Bíonn an rang féin
bheith ag freastal
ina thimpeallacht foghlama
iontach, áit ar féidir linn aiseolas
a roinnt agus ceisteanna a chur. Is
maith liom a bheith mar chuid de
rang inar féidir liom Portaingéilis
a labhairt agus éisteacht le
daoine eile á labhairt.”
Na chéad chéimeanna eile:
84
•
Leanúint le leathnú ranganna ar líne mar mhúnla soláthair agus le tacaíocht do chainteoirí oidhreachta
•
Leanúint leis an tacaíocht do ranganna Idirbhliana sa Phortaingéilis
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
orthu”