Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 85
Rúisis
506 Scoláire
Gníomh 2.A.6
2.C.1
6 Mhúinteoir
8 Scoil
4 Rang ar an Satharn
Léargas Ginearálta:
Cuireann TIBÉ ranganna Rúisise ar fáil in iarbhunscoileanna sa tSraith Shinsearach agus
cuireann siad ranganna ar fáil ar an Satharn do
Rúisis na hArdteistiméireachta i mBaile Átha
Cliath agus i nGaillimh araon. Tacaíonn TIBÉ le
ranganna sa tSraith Shinsearach i scoil amháin
chomh maith trí leithdháileadh breise.
Príomhaidhmeanna:
•
Freagairt do riachtanais na scoláirí atá ag teacht chun cinn do ranganna Rúisise
•
Deis a chur ar fáil do scoláirí, ar cainteoirí oidhreachta an chuid is mó acu, rochtain a fháil ar an teanga mar
ábhar Ardteistiméireachta trí ranganna a chur ar fáil ar an Satharn do Rúisis na hArdteistiméireachta
Gníomhaíocht:
Oibríonn TIBÉ le scoileanna chun tacú le tabhairt isteach ranganna Rúisise, ag fostú múinteoirí Rúisise le
bheith ag obair ag leibhéal na Sraithe Sinsearaí. Cuireann Foireann Teagaisc agus Foghlama TIBÉ tacaíocht
agus FGL ar fáil do na múinteoirí; mar shampla, in 2023, d’fhreastail múinteoirí Rúisise ar Chruinniú Mullaigh
de chuid Languages Connect i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair agus bhain siad leas chomh maith
as tabhairt isteach cuairteanna tacaíochta ar a gcuid ceachtanna ó TIBÉ.
In 2023, chuir TIBÉ ranganna Rúisise ar fáil in ocht scoil ar fud na tíre, le 506 scoláire páirteach san iomlán. In
2023, d’fhreastail 425 scoláire ar ranganna Idirbhliana sa Rúisis chun foghlaim faoi theanga agus cultúr na
Rúisise. I gcaitheamh 2023, ghlac 81 scoláire páirt i ranganna Rúisise don Ardteistiméireacht.
Tionchar:
•
Thug 521 faoi scrúdú Rúisise na hArdteistiméireachta, arb ionann é agus méadú suntasach ar 2022, agus
bronnadh torthaí iontacha ar go leor scoláirí.
•
Faigheann 84 scoláire sa 5ú agus 6ú bliain rochtain ar ranganna Rúisise ar an Satharn de chuid TIBÉ i
mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh
•
Tacaítear le folláine iomlán na scoláirí agus le caomhnú a dteanga oidhreachta.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Soláthar na Rúisise a fhorbairt ar aon dul le riachtanais atá ag teacht chun cinn
•
Fiosrú a dhéanamh ar an bhféidearthacht rang ar an Satharn a fhorbairt ar líne chun tacú níos fearr le
foghlaimeoirí atá ina gcónaí lasmuigh de na príomhionaid uirbeacha
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
85