Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 86
Liotuáinis Language
238 Scoláire
Gníomh 2.B.3
2.E.9
2 Mhúinteoir
2 Scoil
2 Rang ar an Satharn
Léargas Ginearálta:
Cuireann TIBÉ ranganna Liotuáinise ar fáil in iar-bhunscoileanna ag leibhéil na Sraithe Sóisearaí, na
hIdirbhliana agus na hArdteistiméireachta, agus cuirtear ranganna Liotuáinise ar fáil don Ardteistiméireacht
ar an Satharn i mBaile Átha Cliath.
Príomhaidhmeanna:
•
Ranganna Liotuáinise a chur ar fáil do scoláirí in iar-bhunscoileanna príomhshrutha
•
Deis a chur ar fáil do scoláirí, ar cainteoirí oidhreachta an chuid is mó acu, rochtain a fháil ar an teanga mar
ábhar Ardteistiméireachta trí ranganna a chur ar fáil ar an Satharn do Liotuáinis na hArdteistiméireachta
Gníomhaíocht:
Oibríonn TIBÉ le scoileanna chun tacú le tabhairt isteach agus leathnú ranganna Liotuáinise. Fostaíonn TIBÉ
beirt mhúinteoirí Liotuáinise a mhúineann ranganna ag leibhéal na hIdirbhliana agus na Sraithe Sinsearaí
araon. Cuireann Foireann Teagaisc agus Foghlama TIBÉ FGL agus tacaíocht ar fáil do na múinteoirí Liotuáinise.
I measc na ranganna tá gearrchúrsaí na Sraithe Sóisearaí, modúil teanga na hIdirbhliana agus cúrsaí
Ardteistiméireachta. Chuir TIBÉ ranganna Liotuáinise ar fáil in dhá scoil mar aon le rang amháin ar an Satharn.
Ar an iomlán, ghlac 238 scoláire páirt sna ranganna in 2023.
Tá 60 scoláire i gColáiste Ard Feá i Muineachán ag foghlaim na Liotuáinise trí chúrsaí don tSraith Shóisearach
agus Sraith Shinsearach, agus tríd an modúl Idirbhliana. Tá 129 scoláire san iar-bhunscoil Ag Foghlaim le
Chéile, Brí Mhór ag tabhairt faoi mhodúil Idirbhliana sa Liotuáinis. Tá 52 scoláire ag tabhairt faoi ranganna
Liotuáinise don Ardteistiméireacht, ar ghlac 27 díobh faoi ranganna ar an Satharn i mBaile Átha Cliath de
chuid TIBÉ.
D’fhreastail múinteoirí Liotuáinise ar Chruinniú Mullaigh de chuid Languages Connect i mBaile Átha Cliath i
mí Dheireadh Fómhair 2023. D’ullmhaigh ceann de na múinteoirí póstaer don Chruinniú Mullaigh, póstaer a
rinne cur síos ar rannpháirtíocht a scoile – Coláiste Ard Feá – sa tionscadal Erasmus+. Chuaigh múinteoirí agus
scoláirí go dtí an Liotuáin mar chuid den tionscadal seo.
86
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -