Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 88
Polainnis
1,763 Scoláire
Gníomh 2.B.3
2.E.9
16 Mhúinteoir
29 Scoil
8 Rang ar an Satharn
Léargas Ginearálta:
Cuireann TIBÉ ranganna Polainnise ar fáil in iar-bhunscoileanna ag leibhéil na Sraithe Sóisearaí, na
hIdirbhliana agus na hArdteistiméireachta, agus cuirtear ranganna Polainnise ar fáil don Ardteistiméireacht ar
an Satharn ar an láthair i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, agus i nGaillimh. I mí Mheán Fómhair 2023, thosaigh
TIBÉ ag cur dhá rang Polainnise ar fáil ar líne an Satharn don Ardteistiméireacht.
Príomhaidhmeanna:
•
Ranganna Polainnise a chur ar fáil do scoláirí in iar-bhunscoileanna príomhshrutha
•
Deis a chur ar fáil do scoláirí, ar cainteoirí oidhreachta an chuid is mó acu, rochtain a fháil ar an teanga mar
ábhar Ardteistiméireachta trí ranganna a chur ar fáil ar an Satharn do Pholainnis na hArdteistiméireachta
•
Tuiscint agus comhtháthú traschultúrtha a chothú trí ranganna Polainnise a chur ar fáil do dhaoine nach
cainteoirí dúchais iad in iar-bhunscoileanna.
Gníomhaíocht:
Fostaíonn TIBÉ 14 mhúinteoir Polainnise a mhúineann meascán de ghearrchúrsaí agus cúrsaí iomlána ag an
tSraith Shóisearach, modúil Idirbhliana, agus ranganna Ardteistiméireachta. Tá beirt mhúinteoirí Polainnise
fostaithe go díreach ag na scoileanna agus tacaítear le huaireanta teagaisc na Polainnise tríd an scéim bhreise
leithdháilte. Cuireann Foireann Teagaisc agus Foghlama de chuid TIBÉ FGL agus tacaíocht ar fáil do na
múinteoirí.
Chuir TIBÉ ranganna Polainnise ar fáil in 29 scoil ar fud na tíre agus in ocht rang ar an Satharn. In 2023, ghlac
1,763 páirt ar an iomlán. Oibríonn TIBÉ le scoláirí, múinteoirí agus scoileanna chun tacú le tabhairt isteach
agus leathnú ranganna Polainnise.
In 2023, tháinig méadú ar líon na scoláirí ag glacadh páirt sna ranganna ó 1,476 go 1,763 – arb ionann é agus
méadú 277 scoláire.
Tá thart ar 319 scoláire i naoi scoil ag foghlaim na Polainnise trí ghearrchúrsaí sa tSraith Shóisearach.
In 2023, d’fhreastail 1190 scoláire ar ranganna Polainnise san Idirbhliain le foghlaim faoin bPolainnis agus faoi
chultúr na Polainne.
Ghlac 412 scoláire páirt i ranganna Ardteistiméireachta don Pholainnis in iar-bhunscoileanna, le 46 díobh i
ranganna foghlama cumaisc. Ghlac 161 scoláire páirt i ranganna Polainnise don Ardteistiméireacht ar an
Satharn de chuid TIBÉ. Bhí ranganna i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh, mar aon le dhá rang ar
an Satharn ar líne.
Bhí múinteoirí TIBÉ bainteach in imeachtaí ina scoileanna, inar fhoghlaim siad agus a gcuid scoláirí faoi bhia,
theanga, agus cultúr na Polainne. Rinne siad ceiliúradh ar na nithe seo chomh maith. Chabhraigh múinteoir
amháin chun roinn Pholainnise a shocrú i leabharlann na scoile. Thug múinteoirí Polainnise ionchur
88
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -