Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 89
luachmhar ag Cruinniú Mullaigh de chuid Languages Connect i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair
2023. Léirigh siad a gcuid oibre trí cheardlanna agus seisiúin póstaer.
Thug triúr múinteoirí ceardlanna le linn an Chruinnithe Mullaigh, agus d’ullmhaigh ceathrar múinteoirí
póstaeir a bhaineann le gnéithe éagsúla de theagasc agus foghlaim na Polainnise. Den chéad uair riamh,
d’ullmhaigh siad seastán agus thug siad léargas ar Pholainnis laistigh de chóras oideachais na hÉireann ag an
gCruinniú Mullaigh.
Lean Líonra Gairmiúil na Múinteoirí Polainnise ag fágáil a loirg, líonra a bunaíodh i mí Lúnasa 2022. Láidrigh sé
comhoibriú idir múinteoirí Polainnise in Éirinn.
Piarbhreathnóireacht
Tugadh faoi phiarbhreathnóireacht idir múinteoirí Polainnise i gcaitheamh 2023. Cuireadh oiliúint ar
mhúinteoirí a bhain leis na nósanna imeachta agus próisis a bhain le rannpháirtíocht, le béim ar an teanga a
úsáideadh, critéir ratha, agus breathnóireacht. Roinneadh pleananna ceachta roimh na cuairteanna le cinntiú
gur thuig na cuairteoirí ábhar na gceachtanna, agus reáchtáladh cruinnithe mioncheistithe. Sa tréimhse
mhioncheistithe tar éis na breathnóireachta, mhalartaigh na múinteoirí eolas agus aiseolas. Roinn na
breathnóirí an méid a rith leo, chuir siad béim ar ghnéithe dearfacha na ranganna, agus chuir siad moltaí
chun feabhais ar fáil. Rinneadh na seisiúin mhioncheistithe seo ar bhealach dearfach tacúil, rud a thug le fios
go raibh an cur chuige seo ar cheann de na straitéisí ab éifeachtaí dá bhforbairt ghairmiúil.
Dúirt na múinteoirí gur fhorbair siad go gairmiúil ar bhealach suntasach trí bhreathnóireacht a dhéanamh ar
ranganna agus aiseolas cuiditheach a fháil. Fuair siad léargais ar mhodheolaíocht teagaisc éagsúla, rud a chur
lena stór oideolaíochtaí. Chothaigh piarbhreathnóireacht cultúr comhoibrithe i measc múinteoirí. D’éascaigh
sé comhroinnt smaointe, acmhainní, agus dea-chleachtas, rud a chuir leis an bpobal teagaisc.
Thuairiscigh múinteoirí feabhsuithe ina gcleachtais teagaisc tar éis na breathnóireachta. Bhí siad in ann a
straitéisí teagaisc a bheachtú, aghaidh a thabhairt ar laigí, agus leas a bhaint as láidreachtaí, a chuir le torthaí
foghlama na scoláirí sa deireadh.
‘Bhí mé in ann difear
Ráitis ó na múinteoirí:
i gcumas teanga na scoláirí
a fheiceáil – agus comparáid á
‘Thaitin sé liom úsáid an
déanamh le mo scoláirí sa 5ú bliain.
Padlet a fheiceáil d’obair neamhspleách
Léiríonn sé seo gur gá ár bplean ceachta
sna beirteanna/grúpaí. Bhí na héifeachtaí le
a chur in oiriúint do riachtanais na
feiceáil láithreach ag na scoláirí eile, rud a thug
scoláirí ar bhonn leanúnach.’
spreagadh dóibh a bheith ag obair, agus a lig
don mhúinteoir monatóireacht a
dhéanamh ar obair an scoláire
ar bhonn leanúnach.’
Tionchar:
•
Cabhraíonn na ranganna leis na scoláirí a dteanga oidhreacha a choinneáil, rud a mbíonn tionchar
dearfach aige ar a bhfolláine
•
Tagann athrú bliain i ndiaidh bliana ar líon na scoláirí a thugann faoin scrúdú Ardteistiméireachta sa
Pholainnis ó 818 in 2022 go 956 in 2023. Bronnadh A1 ar bheagnach 50% de na scoláirí
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
89