Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 9
Lean #ThinkLanguages ag fás le 15,000 scoláire ó bhreis is 180 scoil ag glacadh páirte. Rud iontach nua a cuireadh
leis i mbliana ná an duais don Fhoireann Seaimpíní, turas chun na Bruiséile. Chuir an Roinn Gnóthaí Eachtracha
an duais seo ar fáil mar chuid dá straitéis Gairm san AE, agus chuir sí spreagadh sa bhreis ar fáil chun páirt a
ghlacadh.
Ba thráthúil an ateagmháil le páirtithe leasmhara i gcomhthéacs athbhreithniú a dhéanamh ar straitéis
Languages Connect agus forbairt ar phlean nua cur i bhfeidhm. Bhí go leor cruinnithe le réimse leathan páirtithe
leasmhara lena n-áirítear ionadaithe ó ranna rialtais, Institiúidí Ardoideachais (IAOnna), comhlachtaí
bainistíochta, múinteoirí, ambasáidí agus institiúidí cultúrtha, agus gníomhaireachtaí fiontraíochta, cruinnithe
inar pléadh riachtanais agus deiseanna teangacha iasachta chomh maith le córais fhéideartha chun athruithe
a dhéanamh. Éascaíodh taighde ag meonta agus aiseolas scoláirí, agus rinne sé seo eolas don tuarascáil dul
chun cinn ar chur i bhfeidhm na straitéise.
Leanadh leis an gcomhoibriú le IAOnna, go háirithe i gcomhthéacs an chruinnithe mullaigh, #ThinkLanguages,
agus campaí samhraidh. Thug IAOnna cuairt ar chéad scoil, agus ghlac breis is míle scoláire páirt i gceardlanna
agus blasranganna a chuir IAOnna ar fáil le linn sheachtain #ThinkLanguages, a chinntigh gur tugadh deis do
na mílte scoláire smaoineamh ar thábhacht agus ábharthacht teangacha iasachta chomh maith leis an spraoi
a bhaineann le staidéar a dhéanamh ar theanga ag an tríú leibhéal. Tá comhoibriú dá leithéid thar a bheith
tábhachtach chun cur leis an líon daoine a thugann faoi chúrsaí foghlama teanga ag an tríú leibhéal agus tógáil
ar chumas sna teangacha iasachta don todhchaí.
I measc bhuaicphointí eile na bliana ó roinnt de na daoine an-speisialta a bhfuil an t-ádh orainn iad a bheith
againn ag obair in TIBÉ bhí an t-aiseolas ó scoileanna timpeall na tíre inar míníodh an chaoi ar chuir leabhair
nua i réimse teangacha baile go mór le leabharlanna scoile, agus an méid a bhí scoláirí agus daltaí ag baint sult
as rochtain a fháil ar ábhair ina dteangacha féin; soláthar teangacha a fheiceáil faoi bhláth a bhuí le seisiúin
chomhairleacha scoile uile, aiseolas dearfach a fháil mar thoradh ar rannpháirtíocht bhreise le Cúntóirí
Teangacha Iasachta, an aird a tarraingíodh ar FCÁT ag an gCruinniú Mullaigh; agus méadú ar líon na ndaoine a
mhúineann na teangacha a cuireadh leis an gcuraclam le déanaí ag clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
Ní fhéadfaimis é seo a dhéanamh gan ár bhfoireann níos leithne lena n-áirítear ár gcomhghleacaithe, múinteoirí
agus sibhse, na páirtithe leasmhara. Go raibh maith agaibh go léir as an tacaíocht agus comhoibriú atá thar a
bheith luachmhar dúinn ar fad. Ná bíodh drogall oraibh cuairt a thabhairt orainn ag an Mol Digiteach le féachaint
ar an gcaoi a bhféadfaimis leas breise a bhaint as na sineirgí atá againn, agus cur le luach ár gcuid oibre.
Idir an dá linn, go raibh maith agaibh chomh maith as ár dtuarascáil bhliantúil a léamh.
Karen Ruddock
Stiúrthóir TIBÉ
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
9