Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 90
•
Ní hamháin go gcuireann leathnú na ranganna Polainnise le héagsúlacht teanga chóras oideachais na
hÉireann, ach cothaíonn sé muintearas agus bród cultúrtha i measc na scoláirí a labhraíonn Polainnis
•
Cinntíonn TIBÉ oideachas teanga ar ardchaighdeán trí FGL agus tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí
Polainnise agus trí Phobail Chleachtais a bhaineann go sonrach le teangacha a éascú. Cuireann an méid
seo le heispéireas acadúil agus gnóthachtáil iomlán na scoláirí
•
Ní hamháin go léiríonn rannpháirtíocht TIBÉ agus múinteoirí Polainnise in eagrú imeachtaí agus
gníomhaíochtaí cultúrtha saibhreas oidhreacht na Polainne ach cothaíonn sí cóimheas agus meas ar
éagsúlacht chultúrtha laistigh de phobail scoile
•
Trí thionscnaimh amhail roinn Pholainnise a bhunú i leabharlanna scoile, cuireann TIBÉ le haitheantas
agus le hinfheictheacht theanga agus chultúr na Polainne laistigh den chomhthéacs oideachais níos
leithne, ag spreagadh tuilleadh fiosraithe agus measa i measc na scoláirí agus na n-oideoirí araon.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Leanúint le soláthar ranganna Polainnise in 2024.
•
Fiosrú a dhéanamh ar an bhféidearthacht rang ar an Satharn a fhorbairt ar líne chun tacú níos fearr le
foghlaimeoirí atá ina gcónaí lasmuigh de na príomhionaid uirbeacha
•
Córais bhreise a fhiosrú chun freagra níos fearr a thabhairt ar riachtanais na scoláirí agus na scoileanna i
gcomhthéacs na Polainnise.
90
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -