Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 92
Seisiúin Eolais ar Theangacha Nua Curaclaim
do Thuismitheoirí agus Scoláirí
6 Sheisiún ar Líne
Gníomh 2.A.6
348 Rannpháirtí
Léargas Ginearálta:
Ar mhaithe le cumarsáid agus tacaíocht do scoláirí na dteangacha curaclaim is déanaí agus dá dtuismitheoirí
a fheabhsú, d’eagraigh TIBÉ seisiúin eolais rialta chun eolas a chur orthu ar dhoiciméid churaclaim agus ar
eolas a bhain leis na scrúduithe stáit.
Príomhaidhmeanna:
•
Feasacht a ardú i measc tuismitheoirí agus scoláirí maidir le heolas agus tacaíochtaí ábhartha a chuireann
TIBÉ agus gníomhaireachtaí eile ar fáil
•
Tacú le tuismitheoirí a bhfuil/a mbeidh páistí s’acu ag tabhairt faoi na teangacha a cuireadh leis an
gcuraclam le déanaí
•
Eolas a chur ar pháirtithe leasmhara agus teagmháil a dhéanamh leo maidir le príomheolas agus
príomhfhorbairtí sna sonraíochtaí nua
Gníomhaíocht:
In 2023, d’eagraigh TIBÉ sé sheisiún eolais ar líne a cuireadh in oiriúint do scoláirí na dteangacha a cuireadh
leis an gcuraclam le déanaí agus dá dtuismitheoirí. Chlúdaigh na seisiúin seo réimse topaicí lenar áiríodh
seirbhísí tacaíochtaí, sonraíochtaí curaclaim, doiciméid tacaíochta, an scrúdú stáit, agus comhairle maidir le
cleachtais éifeachtacha staidéir ar scoil agus sa bhaile.
Chun go mbeadh rochtain leathan orthu, chuaigh TIBÉ i dteagmháil leis an bpobal áitiúil go gníomhach,
bhain siad leas as na meáin shóisialta éagsúla, agus d’oibrigh siad i gcomhar le hambasáidí ábhartha chun
feasacht a chur chun cinn ar na seisiúin eolais i measc tuismitheoirí agus scoláirí. Chuir TIBÉ liostaí Ceisteanna
Coitianta ar fáil a d’aithin an gá le rochtain lasmuigh de na seisiúin bheo, liostaí atá ar fáil ar
languagesconnect.ie i mBéarla agus sna sprioctheangacha. Tacaíonn le hacmhainní seo le tuismitheoirí ó
chúlra éagsúla agus cuireann siad eolas luachmhar ar fáil do lucht féachana níos leithne.
Ardán a bhí sna seisiúin eolais chomh maith chun na ranganna ar an Satharn a chuireann TIBÉ ar fáil a chur i
láthair. Freastalaíonn na seisiúin agus na ranganna seo ar scoláirí atá ag tabhairt faoin gcuraclam lasmuigh
den scoil, cothaíonn siad cumarsáid agus cruthaíonn siad muintearas i measc foghlaimeoirí.
92
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -