Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 94
Maoiniú do Champaí Samhraidh do Theangacha
Oidhreachta agus Teangacha Tearctheagasctha
6 Champa Samhraidh
Gníomh 2.C.2
Gníomh2.E.10
110 Scoláire
Léargas Ginearálta:
Déantar Campaí Samhraidh do theangacha oidhreachta agus teangacha nach múintear chomh minic céanna
a mhaoiniú ag feachtas feasacha Languages Connect do scoláirí iar-bhunscoile. Reáchtáiltear na campaí seo
thar thréimhse coicíse le linn an tsamhraidh. Eagraíonn agus múineann gairmithe na campaí seo i réimse
teangacha in ionaid ar fud na tíre. Deis atá sna campaí do na scoláirí chun feabhas a chur ar a scileanna
teanga.
Príomhaidhmeanna:
•
Tacaíocht a chur ar fáil do scoláirí chun cabhrú leo a dteanga oidhreachta a choinneáil
•
Teanga oidhreachta agus teangacha nach múintear chomh minic céanna a chur ar shúile scoláirí iarbhunscoile ar bhealach spraíúil tarraingteach
Gníomhaíocht:
Is é 2023 an cúigiú bliain de champaí samhraidh do theangacha oidhreachta agus tearctheagasctha.
Cuireann na campaí meascán de ranganna teanga, spóirt agus cultúir ar fáil sa sprioctheanga. Maoiníonn TIBÉ
na campaí samhraidh agus cuireann siad comhairle ar fáil, agus reáchtáiltear iad ag daoine aonair, nó ag
eagraíocht i roinnt cásanna, amhlaidh ollscoileanna.
Tá na comhordaitheoirí freagrach as fógraíocht do na campaí, clárú na scoláirí agus clár an champa a chur le
chéile. Cuidíonn TIBÉ leis na comhordaitheoirí chun aiseolas a fháil ó thuismitheoirí agus scoláirí, agus
úsáideann na comhordaitheoirí an t-aiseolas chun campaí samhraidh amach anseo a fheabhsú agus a chur
chun cinn.
Bhí cúig champa ann in 2023, a chuir deis ar fáil do scoláirí ranganna teanga a dhéanamh sa tSínis, san
Iodáilis, sa tSeapáinis, sa Liotuáinis agus sa Pholainnis. Bhainistigh trí ollscoil campa samhraidh, a thug scoláirí
iar-bhunscoile ar campas agus a thug deis dóibh coicís a chaitheamh ag foghlaim teanga nach múintear
chomh minic céanna.
Chuir na campaí samhraidh deis ar fáil d’Institiúidí Ardoideachais chun aird a tharraingt ar a gcúrsaí sna
teangacha tearctheagasctha.
Mar aon leis na ranganna teanga, tugann scoláirí faoi réimse gníomhaíochtaí cultúrtha agus spóirt mar a
léirítear thíos:
Sínis in Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt (SETU), Port Láirge
I bPort Láirge, fuair scoláirí taithí ar challagrafaíocht na Sínise, péinteáil masc do cheoldrámaíocht Peking,
gearradh páipéir Síneach, ealaíona comhraic (Taidh tsí), cluichí boird agus péinteáil thraidisiúnta na Síne,
snaidhmeadh na Síne, péinteáil séidte na Síne, searmanas Thae na Síne, péinteáil le taos éadaigh na Síne, agus
turas a raibh cuairt ar bhialann áitiúil agus déanamh bia mar chuid de.
Iodáilis in Ollscoil na Gaillimhe
I nGaillimh, fuair scoláirí taithí ar mhaisc a chruthú don Veinéis agus don charnabhal; karaoke agus cluichí
ceoil le hamhráin Iodálacha chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sanremo agus cultúr ceoil na hIodáile; conas
labhairt le do lámha trí chomharthaí láimhe na hIodáile; mímeáil a dhéanamh ar shárshaothair ealaíne na
94
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -