Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 95
hIodáile chun taithí a fháil ar ealaín Fhlórans agus
na hIodáile; píotsa Iodálach a dhéanamh agus a ithe
fad is a clúdaíodh bia speisialta Napoli agus
Iodálach; taispeáint scannán Iodálach tar éis dóibh
scannánaíocht na Róimhe agus na hIodáile a phlé;
beocht nua a chur i seanéadaí fad is a chlúdaíodh
Milano agus an tseachtain faisin; leagan Iodálach
den chluiche Trivial Pursuit; agus an seó a raibh
tobsmaointeoireacht, cleachtaí agus an t-imeacht
féin mar chuid de.
Seapáinis i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD)
I mBaile Átha Cliath rinne scoláirí ealaíona comhraic; drumadóireacht Taiko; thriail siad Ikebana, ealaín na
Seapáine ina gcóirítear bláthanna; aonach Seapánach le cluichí agus ceardaíocht; turas timpeall Ghairdíní na
Seapáine i gCill Dara; seisiúin ar chultúr na Seapáine inar pléadh bia agus a raibh bosca Bento mar chuid de;
agus cuireadh deireadh leis an tseachtain le cur i láthair dheiridh agus léiriú.
Polainnis sa Chabhán
Bhí béim éagsúil ann gach lá sa Chabhán: Go raibh maith agat as ucht a bheith liom inniu; daoine spóirt
cáiliúla de chuid na Polainne; an Pholainn anois agus san am a chuaigh thart; Bí Slán; ‘Bord le cosa briste’’ – Lá
na litrithe Polainnise agus briathra frasacha; Lá le scannáin na Polainne; Mo bhaile beag (an Pholainn agus
Éire); ‘’Buailim cnag ar dhoras na samhlaíochta – léargas ar fhilíocht na Polainne’’, ‘’Blasanna na Polainne,
traidisiúin agus gnásanna na Polainne’’; agus gluaiseachtaí taecuando.
Liotuáinis i Muineachán
I Muineachán d’oibrigh scoláirí ar thionscadal deireadh ar ar tugadh ‘’My Ancestors Land’’, rinne siad T-léinte
oiriúnaithe, d’fhiosraigh siad steiréitíopaí, chlúdaigh siad tíreolaíocht, d’imir siad cispheil, d’fhéach siad ar
scannán, d’imir siad cluichí, d’fhoghlaim siad conas amhrán náisiúnta na Liotuáine a chanadh, d’fhoghlaim
siad faoi fhlóra agus fána na Liotuáine agus chuaigh siad ar thuras go dtí páirc, rinne siad criadóireacht, d’imir
siad cluichí traidisiúnta agus d’fhoghlaim siad rince traidisiúnta i bhfeistis thraidisiúnta, rinne siad
fíodóireacht tuí, d’fhoghlaim siad faoi shíscéalta agus miotaseolaíocht agus chum siad scéal le chéile, réitigh
siad bia na Liotuáine, d’fhoghlaim siad faoi nua-cheol na Liotuáine agus bhí dioscó acu, bhí tráth na gceist
agus carnabhal acu, chuaigh siad ar thuas go dtí ionad eachtraíochta allamuigh Bhaile na Lorgan, agus
cuireadh deireadh leis an gcampa le searmanas bronnta.
Tionchar:
•
Bíonn scoláirí teangacha oidhreacha níos muiníní ag úsáid a dteangacha tar éis an champa
•
Ní hamháin go raibh na campaí ar campas tairbheach do na scoláirí, ach rinne siad maitheas do chur chun
cinn teangacha ag an ollscoil
•
Is féidir le scoláirí a fhaigheann taithí ar theanga nach múintear chomh minic céanna a bheith spreagtha
chun leanúint ar aghaidh léi don Ardteistiméireacht nó ag an tríú leibhéal
•
Ba é 4.7 as 5 réalta an mheánrátáil
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -
95