Annual Report 2023 Entire Book IRISH - Flipbook - Page 98
An Modúl ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’ do Bhunscoileanna
84,000 Dalta Bunscoile
1,200+ Scoil
15 Theanga
Say
Gníomh 2.E.1
2.E.3
Yes
to Languages
Léargas Ginearálta:
Modúl samplach is ea ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’, atá ina thríú bliain anois. Cuireann sé deis ar fáil do
bhunscoileanna rannpháirteacha gnéithe d’fheasacht teanga agus chultúrtha a thabhairt isteach taobh le
foghlaim teangacha. Tá sé dírithe ar dhaltaí ó Rang a 3 go Rang a 6.
Cuirtear na ranganna seo ar fáil thar ocht seachtaine ag múinteoirí ranga nó teagascóirí ar cuairt ag obair i
gcomhar lena múinteoirí óstacha. Roghnaíonn scoileanna teanga bunaithe ar acmhainn teagaisc,
déimeagrafaic, nó tosca ábhartha eile.
Tugtar faoin modúl seo ar feadh uair an chloig in aghaidh na seachtaine, laistigh de ghnáth-am ranga. Chun
dul i ngleic leis an éileamh ar oiliúint, acmhainní agus teagascóirí, cuirtear an modúl i bhfeidhm i scoileanna
thar thrí théarma acadúla. Is é €400 in aghaidh an tseomra ranga an deontas a íoctar le scoileanna, le
huasmhéid €1,600 ann in aghaidh na scoile.
Príomhaidhmeanna:
•
Aird a tharraingt ar an raon teangacha a úsáideann a bpiaraí, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann ina
measc, ina scoileanna agus ina bpobail, rud a d’fhéadfadh tacú le tuilleadh cuimsithe agus tuiscint ar
éagsúlacht sa phobal.
•
Spreagadh roghnú teangacha san iar-bhunscoil
•
Deiseanna chur ar fáil do bhreis comhoibrithe i bpobal na scoile maidir le ceiliúradh a dhéanamh ar
theangacha agus ar chultúir.
•
Tacú le tabhairt isteach Languages Connect, Straitéis do Nuatheangacha Iasachta san oideachas in Éirinn
2017-2026.
Gníomhaíocht:
Le linn 2023, lean TIBÉ ag leathnú ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’. Tá breis is 1,200 bunscoil cláraithe anois.
Beidh 84,000 dalta ar fud na tíre páirteach sa mhodúl le linn na scoilbhliana 2023/24. Bhí méadú de thart ar
500 scoil ann ón mbliain roimhe, agus rinneadh cuid mhaith scoileanna athiarratas don dara nó don tríú
bliain.
Bainistíonn TIBÉ na híocaíochtaí deontais do na scoileanna; cló agus seachadadh na n-acmhainní go dtí na
scoileanna rannpháirteacha; eagrú na seisiún oiliúna do theagascóirí, príomhoidí, agus múinteoirí ranga;
cabhraíonn siad le scoileanna teacht ar theagascóir; cuireann siad suirbhé ar phríomhoidí, múinteoirí agus
teagascóirí chun aiseolas a fháil; cuireann siad feasacht ar an modúl chun cinn; agus bainistíonn siad
ceisteanna laethúla a bhaineann leis an modúl.
98
- TIBÉ Tuarascáil Bhliantúil 2023 -