Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 10
Athbhreithniú an Stiúrthóra
Le blianta beaga anuas, tá méadú seasta i ndiaidh teacht ar an líon scoláirí a thugann faoi naoi gcinn den aon
teanga dhéag atá ar fáil san Ardteistiméireacht. Tá laghdú i ndiaidh teacht ar líon na scoláirí a thugann faoi
theangacha san Arditeistiméireacht mar gheall ar an laghdú ar an líon a thógann Fraincis agus Gearmáinis, agus
is féidir a bhunús sin a lua leis na hábhair nua a tugadh isteach a thugann rogha níos mó do scoláirí, a
fhreastalaíonn ar ábhair spéise agus ar dheiseanna nua forbairt phearsanta. Luaitear é seo go minic mar chúis
go n-éiríonn scoláirí as teanga iasachta, mar aon leis an riachtanas máithreánach Nuatheanga Iasachta (NTI) a
bheith bainte do roinnt mhaith cúrsaí ag an tríú leibhéal.
Tá sé mar aidhm ag an gcuid den obair in TIBÉ rannpháirtíocht i bhfoghlaim teangacha iasaschtaa a mhéadú
go díreach nó go hindíreach. Tá sé riachtanach go mbeadh teanga iasachta ag ár scoláirí chun a bheith san
iomaíocht i gcomhthéacs na hEorpa agus sa chomhthéacs domhanda. Tá de cheart ag gach uile dhuine dár
scoláirí scileanna a fhoghlaim a chumasaíonn rannpháirteachas iomlán sa sochtaí agus sa mhargadh oibre, agus
is é cumas srianta ilteangach ceann de na príomhbhacanna ar bhuntáiste a bhaint as na deiseanna a bhaineann
le bheith mar stát Eorpach. Thabharfadh cumas breisithe ilteangacha tacaíocht dár ndaoine óga cinntí feasacha
a ghlacadh maidir le deiseanna i dtíortha eile Eorpacha, ag tabhairt Cothrom na Féinne dóibh. Is tosaíocht
thábhachtach é ilteangachas san Eoraip mar is gné thábhachtach d’iomaíocht na hEorpa é.
Faigheann scoláirí léargas ar dhearcaí éagsúla cultúrtha agus iad ag foghlaim teangacha iasachta, rud a
chuireann lena solúbthacht agus scileanna idirchultúrtha cumarsáide. Cothaíonn sé seo feasacht domhanda
agus ullmhaíonn sé scoláirí le haghaidh caidrimh éagsúla proifisiúnta agus sóisialta. Tá sé níos tábhachtaí anois
ná riamh go mbeadh saoránaigh ilteangacha domhanda ann a bhfuil cumas láidir idirchultúrtha acu, ar féidir
leo a mbealach a dhéanamh trí chomhthéacsanna éagsúla cultúrtha, agus comhoibriú thar teorainneacha, chun
fanacht oiriúnach sa mhargadh post.
Tá TIBÉ ag iarraidh tacú leis an teachtaireachta seo trí áiseanna a fhorbairt agus trí eolas a scaipeadh a spreagann
scoláirí chun ábhair teangacha iasachta a roghnú, agus aibhsítear sa teachtaireachta na buntáistí follasacha a
bhaineann le foghlaim teangacha agus le scileanna teanga a bheith ag duine. Tá féile #ThinkLanguages,
éascaithe ag TIBÉ mar chuid d’fheachtas feasachta Languages Connect, ag fás de shíor agus ag leathnú an
tionchair atá aige, rud a mhéadaíonn ar an líon deiseanna atá ag scoláirí smaoineamh ar theanga a roghnú don
Ardteistiméireacht. Ba é 2024 an chéad bhliain a bhí scoileanna ó gach ceann de na 26 contae páirteach i
#ThinkLangauges. Bhí 17.500 scoláire ó bhreis agus 200 scoil rannpháirteach ann. Chuaigh buaiteoirí an
chomórtais Foireann Seaimpíní chuig an mBruiséil, a bhuíochas leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha, mar chuid dá
‘Straistéis Gairm san AE’ agus bhí siad ábalta Éire a fheiceáil san AE. Thuairiscigh comhghleacaithe go raibh sé
10
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -