Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 100
Smaoinigh go Domhanda, Gníomhaigh go hÁtiriúil
Mar thacaíocht ag téama uileghabhálach #ThinkLanguages ‘Smaoinigh go Domhanda, Gníomhaigh go
hÁitiúil’, lorg scoileanna inspioráid sa pobal áitiúil chun cuireadh a thabhairt do chainteoir dá bhféile
#ThinkLanguages. Bhí daoine aonair ó ghnólachtaí, institiúidí ardoideachais agus grúpaí pobail ina bhfuil ról
ag teangacha, páirteach i bhféilte scoileanna ar fud na tíre. Thug FPEanna áitiúla, Seanadóirí agus
Ambasadóirí cuairt ar scoileanna chun léargas breise a thabhairt ar bhuntáistí teangacha iasachta.
Tá an tóir atá ar cheardlanna eagraithe ag scoláirí, ag fás gach bliain; ag tabhairt cuireadh do scoláirí léargas a
thabhairt dá bpiaraí ar a dteanga bhaile féin agus a dteanga oidhreachta agus cultúir. Bhí roinnt tuismitheoirí
agus múinteoirí rannpháirteach fosta agus thug siad léargas ar a n-oidhreacht, a gcultúr agus a dteangacha.
Sheinn siad ceol, agus bhácáil siad cácaí traidisiúnta do na scoláirí le hithe agus le foghlaim fúthu. I measc na
gceardlann eile a eagraíodh ag an bpobal bhí Teanga Chomharthaíocht Éireann, damhsa Samba, cuisine ón
Úcráin agus gairmeacha i dteangacha, mar aon le geandáil ghasta teanga, amhránaíocht ar amhráin náisiúnta
agus spóirt ó thíortha éagsúla.
#ThinkLanguages sa Bhunscoil
I 2024, cuireadh an deis #ThinkLanguages a thabhairt go páistí áitiúla bunscoile chun cinn. Tugadh achoimhre
sa lámhleabhar pleanála ar an gcuma a bheadh ar cuairt bhunscoile, agus spreag eolas a roinneadh sna
seisiúin Phobail Chleachtais chun é seo a dhéanamh. Ghlac roinnt scoileanna leis an deis, Meánscoil na
Toirbhirte, Dúrlas, Coláiste Pobail Leamhcán, agus Coláiste Phort Laoise san áireamh. Ba iad na scoláirí
Idirbhliana a bhí chun tosaigh i seisiúin shamplacha spraíúla agus idirghníomhach teanga. Le hamhráin
shomheabhraithe, scéalta agus cluichí mealltacha, fuair páistí bunscoile blaiseadh den spraoi a bhaineann le
foghlaim teanga.
#ThinkLanguages agus
Comhpháirtithe
D’oibrigh TIBÉ arís eile le
comhpháirtithe, a thug raon
gníomhaíochtaí chun cur le
heispéireas Sheachtain
#ThinkLanguages. Mar chuid
den straitéis ‘Gairm don AE’,
thug An Roinn Ghnóthaí
Eachtracha urraíocht don
duais ar Chomórtas
#ThinkLanguages Foireann
Seaimpíní den dara huair.
Rachaidh an fhoireann
bhuacach agus a múinteoirí
chun na Bruiséile go luath in 2025 chun cuairt a thabhairt ar raon institiúidí AE agus chun bualadh le
hÉireannaigh a oibríonn ann, chun tuiscint a fháil ar na buntáistí a bhaineann le teangacha dá ngairm.
Ba spreagadh sonrach é an duais seo chun scoláirí a mhealladh le bheith páirteach in eagrú fhéilte
#ThinkLanguages ar fud na tíre.
100
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -