Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 101
#ThinkLanguages ag an bPictiúrlann
Mar chuid den chomhpháirtíocht le hInstitiúid Scannán na hÉireann,
taispeánadh raon scannán i dteangacha iasachta ag an ISÉ i mBaile Átha
Cliath, agus ina líonraí pictiúrlann ar fud na tíre i rith Sheachtain
#ThinkLanguages. Thug sé seo deis do na scoláirí blaiseadh a fháil de theangacha sa phictiúrlann. Mar aon le
taispeáint sna pictiúrlann, bhí deis ag scoileanna úsáid a bhaint as an ardán sruthaithe IFI@Schools, a thugann
deis do scoileanna scannáin a fheiceáil sa seomra ranga. D’fhéach breis agus 2,500 scoláire ar cheann de na
scannáin i dteanga iasachta sa phictiúrlann i rith Sheachtain #ThinkLanguages, agus d’fhéach thart ar 1,500
eile ar scannáin sa seomra ranga.
#ThinkLanguages ar an gCampas
Ba ghné fíor-rathúil de cheiliúradh na bliana seo é rannpháirtíocht na n-institiúidí ardoideachais (IAO) ar fud
na tíre. Ba buaicphointe do go leor é an ghníomhaíocht sna IAOanna, mar gheall ar an raon leathan
gníomhaíochtaí a ghlac scoláirí Idirbhliana páirt iontu ar an gcampas. Thug breis agus 1,380 scoláire cuairt ar
champas ollscoile, agus fuair go leor eile léargas ar an saol ag an tríú leibhéal ó chainteanna ó ambasadóirí
teanga scoláirí a thug cuairt ar 40 scoil aonair.
Chuir Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath tús leis an gceiliúradh i rith Sheachtain #ThinkLanguages le sraith
blasranganna i Spáinnis, Seapáinis, Gearmáinis, Fraincis agus Sínis. Eagraíodh ceardlanna le haghaidh 175
scoláire i rith na seachtaine ar fad, le blas-seisiúin ar bheannachtaí Sínise, nathanna Sínise agus ceardlanna
callaghrafaíocht.
D’óstáil Ollscoil Mhá Nuad 180 scoláire ar an gcampas. Ghlac scoláirí páirt i bhFíricí Fánacha Cultúrtha le
hambasadóirí scoláirí mar aon le cuir i láthair ón bhfoireann. Thug siad cuairt ar léachtaí, rinne siad turas den
leabharlann agus ghlac siad páirt i Seomra Éalaithe. Tar éis blas-seisiúin i Sínis, Gearmáinis, Fraincis agus
Spáinnis, bhí lón acu i Halla Pugin agus Tóraíocht Taisce i dTuras Campais. Tharla dhá chuairt scoile freisin i rith
na seachtaine.
In Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, cuireadh ambasadóirí teanga scoláirí chuig dhá scoil i rith
Sheachtain #ThinkLanguages.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
101