Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 102
Chuir Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt seó ar siúl do bhreis agus 100 scoláire le gníomhaíochtaí agus
cluichí ó gach cearn den domhan. Ansin cuireadh taispeántais chócaireachta ón Iodáil agus ón tSín do na
scoláirí. Tugadh deis do na scoláirí labhairt le hambasadóirí teanga scoláirí agus bhlais siad de shearmanas tae
Síneach. Thug baill foirne cuairt ar thrí scoil freisin.
Chuir Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath fáilte roimh 60 scoláire ar an gcampas i rith Sheachtain
#ThinkLanguages, áit ar tugadh turas thart ar an gcampas dóibh. Ghlac siad páirt freisin i gceardlanna agus i
blasranganna i raon teangacha, san áireamh Sínis, Fraincis, Gearmáinis agus Spáinnis. Cuireadh ambasadóirí
teanga scoláirí amach chuig sé scoil déag. Chuir Coláiste na Tríonóide ambasadóirí teanga scoláirí chuí seacht
scoil i rith Sheachtain #ThinkLanguages.
Chuir Coláiste na Tríonóide ambasadóirí teanga scoláirí chuí seacht scoil i rith Sheachtain #ThinkLanguages.
Thug breise agus 180 scoláire cuairt ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh i rith na seachtaine. I measc na
gceardlann a bhí ar fáil bhí Sínis, Seapáinis, Cóiréis, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Portaingéilis, Spáinnis. Bhí deis
ag na scoláirí páirt a ghlacadh i léachtaí teanga idirghníomhach, agus blas-seisiúin teanga. Tugadh turas thart
ar an gcampas do scoláirí freisin.
D’óstáil an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath breis agus 360 scoláire i rith Sheachtain #ThinkLanguages. I
measc na n-imeachtaí a bhí ar fáil bhí bualadh le mic léinn teanga sa bhliain dheireanach chun tuileadh a
fháil amach faoi staidéar thar lear ar Erasmus, mar aon le ceardlanna Araibise, Cóiréise, Rúisise agus Svahaílis.
Ghlac scoláirí páirt i gceardlanna drámaíocht, tugadh turas thart ar an gcampas dóibh agus bhí deis acu
labhairt le hambasadóirí teanga scoláirí. Thug ambasadóirí teanga scoláirí cuairt ar dhá scoil.
Chuir Ollscoil na Gaillimhe roinnt ceardlann do 150 scoláire i Spáinnis, Gearmáinis, Iodáilis agus Fraincis, agus
ansin d’óstáil siad tóraíocht taisce teanga-bhunaithe, agus turas thart ar an gcampas do na scoláirí.
D’óstáil Ollscoil Luimnigh breis agus 190 scoláire agus thug léargas dóibh ar an saol ag déanamh staidéir ar
theangacha ar champas OL. San áireamh ann, bhí ceardlanna feasachta teanga agus ceardlanna foghlama
teanga, mar shampla blas-ranganna, ceol agus damhsa, seomra éalaithe teanga agus cultúir, tráth na gceist ar
theangacha agus cultúir. Chuir siad ambasadóirí teanga scoláirí ar cuairt chuig ocht scoil i rith an chuid eile de
Sheachtain #ThinkLanguages.
102
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -