Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 104
Foireann Seaimpíní #ThinkLanguages: Buaiteoirí Náisiúnta 2024
Roghnaíodh deich scoil gearrliostaithe ó na hiontrálacha comórtais agus tugadh cuairt orthu i rith
Sheachtain #ThinkLanguages. Roghnaíodh na foirne sa bhabhta ceannais le cur i láthair a dhéanamh os
comhair painéal moltóirí ag an mBabhta Ceannais sa Roinn Oideachais. B'iad Coláiste Beaufort, An Uaimh,
Scoil Phobail Inis Díomáin, Coláiste an Aonaigh agus Meánscoil na Toirbhirte, Dúrlas. Thug na ceithre
fhoireann cur i láthair ar an méid a bhí foghlamtha acu ón eispéireas. Chuir gach duine acu méid inmholta
oibre isteach sa bhainistíocht imeachta dá bhféilte, agus sna cuir i láthair deireanacha, rud a d’fhág na moltóirí
an-tógtha leo. Luaigh daoine a d’fhreastail ar an imeacht na scileanna cur i láthair ar ardchaighdeán, a
gcruthaitheacht, agus a bpaisean i leith teangacha.
Tharla díospóireacht bhríomhar phainéil ag an mBabhta Ceannais, ag tabhairt le chéile baill foirne TIBÉ chun
a n-eispéireas agus a léargais ar aistir foghlama teanga, clár Erasmus, augs deiseanna teagaisc trí na
scéimeanna CB (Cúntóir Béarla) agus JET (Teagasc agus Malairt na Seapáine) a roinnt. Rinneadh iniúchadh sa
díospóireacht ar eispéiris chlaochlaitheacha na ndaoine a rinne staidéar agus teagasc thar lear, agus an fás
pearsanta agus gairmiúil a thagann as tumadh cultúrtha agus dul i ngleic le foghlaim teanga iasachta. Roinn
lucht an phainéil na dúshlán agus an rath a bhain le teangacha nua a fhoghlaim, ag cur béim ar thábhacht
malartuithe idirnáisiúnta maidir le scileanna teanga agus tuiscint domhanda a chothú. Tugadh comhairle
luachmhar dóibh siúd a d’fhreastail ar an lá ar chur isteach ar na cláir seo, agus lántairbhe a bhaint as a gcuid
ama thar lear, ag fágáil lán inspioráid chun tabhairt faoina gcuid eachtraí foghlama teanga féin.
Bhronn Karen Ruddock, Stiúrthóir TIBÉ, agus Evelyn O’Connor ó Aonad Curaclaim agus Measúnachta na
Roinne Oideachais, corn agus duais turas chun na Bruiséile ar Fhoireann Seaimpíní na Bliana 2024, Coláiste
Beaufort, An Uaimh. Bhí na scoláirí agus múinteoirí an-bhuíoch, agus bhain siad sult as an deis tuilleadh a
fhoghlaim faoin aistear ar a dtabharfaidh teangacha iad.
Sa Bhabhta Ceannais – Scoil Phobail Inis Díomáin
Sa Bhabhta Ceannais – Coláiste An Aonaigh
Sa Bhabhta Ceannais – Meánscoil na Toirbhirte Dúrlas
Buaiteoirí – Coláiste Beaufort, An Uaimh
Buaiteoirí Fhoireann Seaimpíní - Coláiste Beaufort, An Uaimh
104
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
Buaiteoirí Fhoireann
Seaimpíní 2024