Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 106
Meáin shóisialta agus clúdach preasa
Bhí bealaí sóisialta thar a bheith gnóthach i gcaitheamh na seachtaine, le scoláirí, scoileanna agus
comhpháirtithe ag glacadh páirt sa chomhrá ar líne agus ag roinnt sraitheanna íomhánna agus físeán.
Chabhraigh uasdátaithe beo bríomhara ar a gcuid gníomhaíochtaí tús áite a thabhairt do theangacha don
tseachtain. Léirigh scéalta cruthaitheacha Instagram agus físeáin TikTok paisean na scoláirí do theangacha.
Ghlac roinnt daoine ó na Foirne Seaimpíní le ról tuairisceora dá bhféile, le hailt le feiceáil sa phreas áitiúil
araon sa tréimhse ullmhúcháin, agus le linn na seachtaine féin, ag cruthú atmaisféar iontach sa scoil agus sa
phobal i gcoitinne agus ag cur buntáistí teangacha chun cinn i bhfad agus i gcéin. Roinn comhpháirtithe, an
IFI san áireamh, clúdach ar a gcuid ardán meán, nuachtlitreacha, meáin shóisialta, agus shuíomhanna gréasáin
san áireamh, chun cuid le solas a lonrú ar #ThinkLanguages, agus ar theangacha i gcoitinne, i gcaitheamh na
seachtaine.
D’fhreastail baill ón Roinn Oideachais agus ionadaithe ón Roinn Ghnóthaí Eachtracha ar an mBabhta
Ceannais Náisiúnta, agus tugadh deis lena linn le haghaidh clúdach preas agus meáin shóisialta. D’fhorbair
TIBÉ, i gcomhpháirt le Foireann Cumarsáide na Roinne Oideachais, preas eisiúint agus an buaiteoir á fhógairt
acu, agus ag tabhairt sonraí den bhabhta ceannais; roinn siad é fosta. Fuair an preas clóite, preas ar líne, agus
preas craoltóireachta an preas eisiúint, an Meath Chronicle agus Tipperary Live san áireamh.
Tionchar:
•
Rinne 17,500 scoláire Idirbhliana ar fud na tíre ceiliúradh le chéile ar bhuntáistí scileanna teanga
•
Thug breis agus 47 scoil cuairt ar champas ollscoile agus ghlac siad páirt i ngníomhaíochtaí
#ThinkLanguages ar campas
•
Thug breis is 4,000 scoláire cuairt ar phictiúrlann nó d’fhéach siad ar scannán teanga iasachta a chuir
Institiúid Scannán na hÉireann ar fáil
•
Ardú san fheasacht ar chonairí gairme teanga laistigh den AE, a thacaíonn le straitéis na Roinne Gnóthaí
Eachtracha – Gairm san AE - Straitéis na hÉireann chun ionadaíocht na hÉireann in Institiúidí agus
Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh a mhéadú
•
Dúirt 98% de scoláirí a ndearnadh suirbhé orthu go molfaidís an t-imeacht do dhaoine eile
•
Fuair 63% de scoláirí amach go raibh scileanna teanga ag a bpáirtithe ranga nach raibh siad ar an eolas
fúthu a bhuí le #ThinkLanguages
•
Dúirt 75% de scoláirí gur athraigh an t-imeacht dearcadh s’acu maidir le tábhacht teangacha
•
Dúirt 85.55% de scoláirí gur athraigh an t-imeacht dearcadh s’acu maidir le tábhacht teangacha
Na chéad chéimeanna eile:
106
•
Déan pleanáil ar Sheachtain #ThinkLanguages don seachtú bliain ón 17-21 Samhain 2025, ag cur i
bhfeidhm aiseolas agus moltaí ó mhúinteoirí rannpháirteacha.
•
Lean ar aghaidh tairbhe a bhaint as #ThinkLanguages chun tacú le haidhmeanna Cuir Fáilte Roimh
Theangacha agus chun roghnú teangacha a mhéadú san iar-bhunscoil.
•
Lean de bheith ag tógáil ar chomhpháirtíochtaí chun #ThinkLanguages a fhás sa phobal níos leithne agus
an raon gníomhaíochtaí atá ar fáil do scoláirí i rith Sheachtain #ThinkLanguages a leathnú.
•
Cothaigh comhoibriú tras-roinn agus méadaigh é, mar thacaíocht do straitéisí cuí, mar ahampla
comhpháirtíochtaí reatha leis an Roinn Ghnóthaí Eachtracha.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -