Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 11
an-sásúil na scoláirí a chlositeáil ag caint ar a gcuid pleananna dá ngairm sa todhchaí tar éis dóibh cuairt a
thabhairt ar institiúidí an AE. Mhothaigh na scoláirí spreagtha fuinniúil agus iad ag fágáil, réidh leis na teangacha
a thabhairt leo ar a n-aistear gairme amach anseo.
Freisin, i gcomhthéacs #ThinkLanguages, tháinig forbairt ar an gcomhoibriú le hInstitiúidí Ardoideachais (IAO).
Thug breis agus 1,380 scoláire cuairt ar champas olllscoile, agus fuair go leor eile léargas ar shaol an tríú leibhéal i
gcainteanna ó ambasadóirí teanga scoláirí i scoileanna. Tá an comhoibriú sin an-tábhacht do scoláirí le tuiscint a
fháil ar an gcúis a bhfuil foghlaim teanga tábhachtach agus an chúis ar chóir dóibh leanúint leis an teanga, agus
chun rannpháirtíocht a neartú i gcúrsaí foghlaim teanga ag an tríú leibhéal agus chun acmhainn i dteangacha
iasachta a thógáil don todhchaí.
Tá TIBÉ ag soláthar áiseanna, deiseanna agus tacaíocht do mhúinteoirí agus scoláirí le cinntiú go bhfuil ranganna
teanga chomh suimiúil, spreagúil agus is féidir, ag iarraidh scoláirí a spreagadh le leanúint le teangacha sa tsraith
shinsearach i gcuid mhór dá gcuid oibre. I measc na dtionscadail a chuireann le soláthar teangacha iasachta i
scoileanna tá forbairt tacaí le haghaidh modheolaíochtaí nuálaíocha leithéidí Foghlaim Chomhtháite Ábhair
agus Tenaga (FCÁT); traenáil in úsáid Teicneolaíochta digiteachta i gcomhpháirt le Teicneolaíocht Oide in
Oideachas; agus tacaíocht leanúnach in úsáid sraith acmhainní chun féinmheasúnú a dhéanamh agus chun
tacú le héagsúlachtaí chultúrtha agus teanga inár scoileanna.
Le tabhairt isteach teangacha iasachta do bhreis agus trian de bhunscoileanna le ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’
táthar ag súil go spreagfar breis scoláirí, atá ag dul isteach san iar-bhunscoile, teanga a roghnú mar chuid dá
rogha ábhar, de bharr an dea-eispéireas a bhí acu sa bhunscoil. Tá méadú i ndiaidh teacht ar rannpháirtíocht
gach bliain agus ghlac 1,350 scoil agus beagnach 88,500 páiste in ‘Cuir Fáilte Roimh Theangacha’ in 2024, agus
15 theanga i gceist. Tá méadú leanúnach ag teacht fosta ar an líon múinteoirí bunaithe sa rang, a dhéanann
seachadadh ar an modúl.
Beidh an rath a bheidh ar thabhairt isteach shonraíocht Nuatheangacha Iasachta sa churaclam bunscoile ó 2025
ag brath i bpáirt ar sholáthar an uasoiliúna i dteangacha iasachta do mhúinteoirí bunscoile, agus is píosa nua
oibre é seo do TIBÉ. Sháraigh an scéim phíolótacha in 2024 sprioc de 100 múinteoir ag freastal ar chúrsaí
uasoiliúnta i dteangacha iasachta, agus threisigh sé seo comhoibriú dearfach le raon soláthraithe agus páirtithe
leasmhara san oideachas, rud a thacóidh leis an soláthar seo.
In 2024, chuir TIBÉ múinteoirí chuig breis agus 100 iar-bhunscoil agus chuir siad deiseanna nua foghlaim teanga
ar fáil do bhreis agus 8,000 scoláire, agus modhanna éagsúla soláthair in úsáid, deiseanna foghlama ar líne agus
deiseanna foghlama cumaisc san áireamh. Tá éagsúlacht na múinteoirí atá cáilithe go hidirnáisiúnta agus a
chuireann TIBÉ chuig scoileanna tábhachtach i bhforbairt scileanna idirchultúrtha, tábhachtach do phobal
ginearálta na scoláirí i bhfoghlaim conas plé le ‘heachtarthacht’, agus deis a sholáthar do scoláirí rochtain a fháil
ar fhoghlaim agus ar thacaíocht bhreise teanga. Tugtar aitheantas foirmeálta d’fhéiniúlachtaí teanga scoláirí i
soláthar teangacha oidhreachta i scoileanna, rud a chuireann lena rannpháirtíocht agus coinneáil trí luach a
thabhairt dá gcúlraí cultúrtha.
Sna ranganna ar an Satharn, tugadh deis do 750 scoláire teangacha a tugadh isteach ar na mallaibh, agus nach
bhfuil ar fáil i ngnáthshuíomh scoile, a fhoghlaim. Sna ranganna seo, tugtar tacaíocht do scoláirí atá ag ullmhú
le haghaidh scrúduithe Ardteistiméireachta, cuidítear le scoláirí nasc a choinneáil leis na teangacha oidhreachta
agus baile, agus tugtar tacaíocht do scoláirí marc níos fearr a fháil sna scrúduithe, rud a thugann deiseanna
breise oideachais dóibh. Bíonn TIBÉ de shíor ag lorg bealaí breise chun tacú le scoláirí le teangacha baile, nach
Gaeilge ná Béarla iad, rud ar réamhchoinníoll é le haghaidh aontacht shóisialta.
Bíonn sé go maith i gcónaí aitheantas a fháil don obair, agus in 2024, bronnadh Lipéad Teanga Eorpach ar TIBÉ,
mar aon le Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Mhuineacháin (BOOCM), mar aitheantas ar a gcuid
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
11