Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 112
Comhoibriú agus Ardú Feasachta
le hInstitiúidí Ardoideachais
Gníomh: 3.A.1
3.A.8
3.B.1
Tacaíodh le 13 IAO
Léargas ginearálta:
Rinneadh an cúigiú glaoch bliantúil ar iarratais mhaoinithe d’feachtas feasachta Languages Connect sa tríú
leibhéal i mí Aibreáin 2024. Úsáidtear na deontais chun tacú le raon gníomhaíochtaí chun daoine a chur ar an
eolas faoi na cúrsaí a chuireann IAOanna ar fáil, agus chun foghlaim teanga ag an tríú leibhéal a chur chun
cinn i measc mic léinn a mbeadh suim acu ann. Chuir deich IAO isteach ar an maoiniú agus tugadh uasmhéid
de €10,000 dóibh i 2024.
Príomhaidhmeanna:
•
Naisc a láidriú idir IAOnna agus scoileanna chun tacú le foghlaim teangacha agus feasacht chultúrtha
•
Cúrsaí teanga ag an tríú leibhéal a chur chun cinn – mar phríomhábhair, mionábhair nó ábhair roghnacha
•
Feasacht a ardú maidir le deiseanna gairme agus deiseanna chun staidéar a dhéanamh thar lear
Gníomhaíocht:
Bhí IAOnna páirteach i raon leathan gníomhaíochtaí chun daoine a chur ar an eolas, Seachtain
#ThinkLanguages san áireamh i mí na Samhna, agus tráth na gceist bliantúil Seapánach a bhí ar siúl in Ollscoil
Luimnigh, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh i mí Feabhra. Tá tuilleadh
sonraí faoi ghníomahíocht #ThinkLanguages ar fáil sa tuarascáil dheireanach. Tá roinnt de na
príomhghníomhaíochtaí a tugadh tacaíocht dóibh i rith an chuid eile den bhliain le fáil thíos.
Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
•
D’eagraigh an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, leabhrán ar Maireachtáil go hIlteangach. Bhí ceardlann
ar Mhaireachtáil go hIlteangach ar siúl ar Lá Smaoineamh go Cruthaitheach ar an 19ú Aibreán 2024. Fuair
scoláirí rannpháirteacha ó Pobalscoil Chábán tSíle, Coláiste Pobail Theach na Giúise agus Scoil Phobail an
Pháiste Naofa, an Naigín, fuair siad cóipeanna den leabhrán Punann Maireachtáil go hIlteangach.
•
D’eagraigh COBÁC comórtas teangacha. Bhí bronnadh na nduaiseanna ar siúl in COBÁC i mí Bealtaine
2024 agus d’fhreastail na buaiteoirí, mar aon lena rang, a múinteoirí agus tuismitheoirí/caomhnóirí ar an
ócáid. Eagraíodh sraith gearrchainteanna agus cuir i láthair, mar aon le turas thart ar an gcampas don
imeacht.
Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt
•
Lean SETU leis an gcomórtas PicLingo i 2024. Tá mar aidhm sa chomórtas an coincheap foghlaim teanga
iasachta tríd an ealaín a chur chun cinn. Chuir thart ar 70 scoil isteach ar an gcomórtas.
•
Bhí an t-imeacht ‘Bain Triail as Teangacha’ de chuid SETU ar siúl i mí an Mhárta 2024. Ba é an aidhm ná
scoláirí Idirbhliana, sa chúigiú agus sa séú blianta a thabhairt ar an gcampas chun blaiseadh de shaol an
choláiste. Tugadh blas-ranganna do scoláirí i bhFraincis, Gearmáinis agus i Spáinnis, agus chuala siad cur
síos ar a gcúrsaí ó mic léinn reatha teanga.
112
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -