Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 113
Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
•
D’eagraigh OTBÁC trí imeacht lae in Eanáir 2024, dírithe ar scoláirí sa tSraith Shinseach: ‘Love Languages’ i
dTamhlacht; ‘Spraoi le teangacha’ i nGráinseach Ghormáin; agus ‘Cuir Séis i dTeangahca i mBaile Bhlainséir’.
Fuair scoláirí an deis sult a bhaint as gach teanga iasachta atá ar fáil i OTBÁC agus cleacht fíor-shaol a
bheith acu. Chleacht siad a bpríomhtheanga (Spáinnis, Fraincis agus Gearmáinis) ar maidin agus bhain
siad triail as teangacha nua (Sínis, Iodáilis agus Spáinnis) sna tráthnónta. Bhí turais thart ar an gcampas
mar chuid den lá. Tugadh cuireadh do scoláirí páirt a ghlacadh i gcomórtas físeáin ar ar tugadh ‘YouTuber
ar feadh lae’.
•
Cuireadh ambasadóirí teanga scoláirí chuig Coláiste Loreto, Faiche Stiabhna, i mí Aibreáin 2024. Chuir
foireann Teanga OTBÁC oiliúint ar na hambasadóirí, agus thug siad tacaíocht dóibh. Labhair siad faoi
Theangacha agus faoi dheiseanna staidéir in OTBÁC agus thug siad aghaidh ar na nithe a leanas: an rogha
a dhéanamh staidéar a dhéanamh ar theangacha; a bheith socraithe síos go maith i staidéar teangacha;
staidéar a dhéanamh ar theanga Ardteiste agus/nó teanga nua a roghnú; ullmhú le haghaidh Erasmus;
eispéiris Erasmus; staidéar, obair agus eispéiris Chúntóirí Béarla.
•
I Meitheamh 2024, seoladh físeán mealltach chun cláir teanga a chur chun cinn, a chuireann Staidéar
Teangacha in OTBÁC ar fáil do scoláirí dara leibhéal a bhfuil suim acu teangacha a roghnú.
Coláiste na Tríonóide (TCD)
•
Chuir TCD ambasadóirí teanga scoláirí chuig scoileanna in Eanáir 2024. Thug na hambasadóirí caint inar
aibhsíodh na conairí chun na hollscoile agus na deiseanna teanga ann. Thug ambasadóirí cainte do
bhliainghrúpaí iomlána, agus do ranganna aonair. Bhí deis ag na scoláirí scoile ceisteanna a chur faoi shaol
an choláiste i gcoitinne agus faoi chúrsaí teanga ach go háirithe.
•
Lean TCD leis an gComórtas Póstaer don Idirbhliain chun smaointeoireacht chruthaitheach faoi fhoghlaim
teanga a spreagadh. Seoladh an comórtas in Eanáir agus bhí fáiltiú oifigiúil bronnadh duaiseanna ar siúl i
mí Aibreáin do na buaiteoirí, a múinteoirí agus a dtuismitheoirí.
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC)
•
D’eagraigh OCBÁC Féile Gearrscannán do Scoláirí in Earrach 2024.
113