Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 114
Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan (MTU)
•
Roghnaigh MTU ambasadóirí teanga scoláirí chun daoine ag an dara leibhéal a chur ar an eolas faoi
bhuntáistí foghlaim teangacha, agus chun iad a chur ar an eolas faoin raon roghanna teanga in MTU.
D’fhreastail na hambasadóirí teanga scoláirí ar lá oscailte ar an 15 Samhain agus thug siad cuairt ar
Choláiste Mhuire, Bun an Táibhairne agus Coláiste an Phiarsaigh, Gleann Maghair in Eanáir 2024.
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
•
Idir Feabhra agus Bealtaine 2024, d’eagraigh OÉG gníomhaíochtaí caidrimh do chúig scoil áitiúla: Coláiste
Bhaile Chlár na Gaillimhe, Coláiste Éinde, Coláiste Clarin, Coláiste Muire Máthair, agus Meánscoil Ag
Foghlaim le Chéile Gaillih. Díríodh ar theagasc na hIodáilise trí ghníomhaíochtaí agus cluichí.
•
D’eagraigh OÉG ceardlann phraiticiúil dátheangach (Gearmáinis/Béarla( i Márta, í dírithe ar scoláirí iarbhunscoile, agus éascaithe ag Antonia Musolff, léachtóir DAAD. Thug an Dr. Andrew Flaus, Comhordaitheoir
Cúrsa sa Bhith-theicneolaíocht, réamhrá ar staidéar na bith-theicneolaíochta le Ghearmáinis.
•
D’eagraigh OÉG gníomhaíochtaí caidrimh Gearmáinise, ceardlann Amharclann Gearmáinise san áireamh, in
Aibreán 2024 do thrí scoil áitiúla: Coláiste na hArdchroise, Tuaim, Coláiste Ardeaspaig Mac Éil, Tuaim agus
Coláiste Naomh Bríd, Baile Locha Riach.
Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne: Lár Tíre, An tIarthar Láir (TUS)
•
D’eagraigh TIS comórtas póstaer do scoláirí dara leibhéal. Bhí ar na scoláirí póstaer a chur isteach ag nascadh
teangacha agus deiseanna fostaíochta, agus/nó póstaer a dhearadh a chuirfeadh síos ar nithe a bheadh le
pacáil ar aistear teanga. Tharla an mholtóireacht agus bronnadh na nduaiseanna i mí Bealtaine 2024.
Ollscoil Luimnigh (OL)
•
Ghlac Ollscoil Luimnigh páirt i bhFéile Foghlaim ar feadh an tsaoil i Luimneach 2024. Bhí rannpháirtithe
ábalta freastal ar sheisiúin in Araibis, Sínis, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Seapáinis agus Spáinnis.
•
Chuir ambasadóirí teanga cúrsa chun cinn i measc scoláirí dara leibhéal, múinteoirí, treoirchomhairleoirí
agus tuismitheoirí/caomhnóirí ag an Lá Oscailte in Eanáir 2024.
•
Ostáladh dráma do scoláirí Idirbhliana ó cheithre scoil áitiúla i Márta 2024.
•
D’óstáil OL Seachtain na dTeangacha, chun nascadh le Lá Eorpach na dTeangacha i Meán Fómhair 2024.
Bhí raon gníomhaíochtaí chun ilteangachas agus foghlaim teanga a chur chun cinn ar an gcampas, Tráth
na gCeist ar Fhíricí Fánacha Seapánacha, Cruinniú Malartaithe Teanga, Caifé Ceol Domhanda na hÉireann,
Léamh Liteartha Ilteangacha agus seoladh Clár Caidrimh Teangacha.
•
D’óstáil OL imeacht cluichí ilteangacha i nDeireadh Fómhair 2024. D’imir scoláirí cluichí a raibh taithí acu
orthu ina gcuid sprioctheangacha le héascaitheoirí ar chainteoirí dúchais iad.
•
Le haghaidh taispeántas póstaer Seapáinise, don 4ú bliain, chuir scoláirí a bpóstaer faoi mhias nó bia ó
gach cearn den domhan i láthair.
•
Eagraíodh Cruinniú Malartaithe Teanga Idirnáisiúnta caife do Lá Erasmus i nDeireadh Fómhair 2024. Ba dheis
é seo do mhic léinn idirnáisiúnta agus do mhic léinn OL bualadh arís lena bpáirtithe teanga nó bualadh le
páirtithe nua.
•
Bhí dhá lá oscailte ar siúl i nDeireadh Fómhair 2024. D’fhreastail ambasadóirí teanga ar chainteanna cúrsa
agus roinn siad a n-eispéiris ar theangacha a fhoghlaim in OL> Tugadh turais thart ar an Mol Foghlama
Teanga freisin.
•
Thug ambasadóirí teanga scoláirí turais thart ar an gcampas agus ar an Mol Foghlama Teanga i
nGearmáinis chun foghlaim teangacha in OL a chur chun cinn i measc múinteoirí ó Chumann Mhúinteoirí
na hÉireann i Samhain 2024.
114
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -