Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 117
Imeachtaí do Scoláirí
39,700 duine a d’fhreastail
Gníomh: 3.A.2
3.A.3
7 nImeacht Scoláirí
Léargas ginearálta:
Bhí taispeántais ag TIBÉ ag go leor imeachtaí do scoláirí le linn 2024, lena n-áirítear Higher Options agus
Career Options, Corcaigh, mar aon le himeachtaí eile níos lú ar fud na tíre. Chuaigh an fhoireann i mbun plé le
scoláirí, múinteoirí, tuismitheoirí, agus comhairleoirí gairmthreorach agus chuir siad eolas agus acmhainní ar
fáil a bhain le roghanna chun staidéar a dhéanamh ar theangacha don tSraith Shinsearach, agus ag an tríú
leibhéal. Rinneadh plé fosta ar na buntáistí pearsanta agus gairme a bhaineann le scileanna teanga.
Príomhaidhmeanna:
•
Daoine a chur ar an eolas maidir leis na buntáistí pearsanta, sóisialta agus gairme a bhaineann le scileanna
teanga agus díograis i leith foghlaim teanga a chothú i measc na scoláirí
•
Daoine a chur ar an eolas maidir leis na tacaíochtaí agus acmhainní éagsúla a chuireann TIBÉ ar fáil do
staidéar teangacha don tSraith Shinsearach, agus eolas a chur ar fáil faoi na deiseanna atá ar fáil staidéar a
dhéanamh ar theangacha ag an tríú leibhéal
•
Léargais a fháil ó scoláirí, múinteoirí, agus comhairleoirí gairmthreorach maidir le dhearcthaí ar fhoghlaim
teanga agus an cur chuige a úsáidtear, bearnaí san eolas, agus réimsí ina mbeadh tairbhe ag baint le
tuilleadh tacaí nó áiseanna
Gníomhaíocht:
I bhfómhar 2024, bhí seastán ag TIBÉ ag dhá imeacht mhóra do scoláirí sa tSraith Shinsearach: Higher
Options, a tharla go mall i Meán Fómhair ag an RDS, agus Career Options Corcaigh, a bhí ar siúl i lár mhí
Dheireadh Fómhair, in Óstán Rochestown Park, Dúglas, Co. Chorcaí.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
117