Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 118
D'fhreastail breis agus 30,000 duine, scoláirí, múinteoirí, tuismitheoirí, agus comhairleoirí gairmthreorach san
áireamh ar Higher Options, agus thug siad cuairt ar sheastáin ó fhostóirí agus institiúidí tríú leibhéal ar fud na
tíre. Do TIBÉ, fóram luachmhar is ea é chun bualadh le scoláirí agus plé a dhéanamh ar an ról a bheidh ag
teangacha ina saol, oideachas, agus gairm amach anseo.
Imeacht ar scála níos lú is ea Career Options Corcaigh ar ar fhreastail thart ar 6,000 scoláire. Tá sé dírithe ar
eolas a thabhairt do scoláirí i ndeisceart na tíre ar na roghanna a bheidh acu tar éis na hiar-bhunscoile. Ba
dheis é an t-imeacht rochtain a fháil ar scoláirí lasmuigh de Chúige Laighin, go háirithe i gcomhthéacs na
staitisticí iar-imeachta a thug Higher Options a léirigh gurbh as Cúige Laighin 86% de na daoine a d’fhreastail
ar an imeacht. Anuas air sin, ba as Baile Átha Cliath do 47% acu.
Bhí seastán ag TIBÉ ag Cruinniú Mullaigh Scoileanna i mBaile Bhlainséir, Baile Átha Cliath in Aibreán agus ag
Northwest Careers Fest i Sligeach i mBealtaine. D’fhreastail thart ar 2,500 scoláire ar an dá imeacht le chéile.
In earrach 2024, tugadh cuireadh d’ionadaithe TIBÉ chuig margaí gairme i Scoil Phobail Bhaile Chill Dara,
Coláiste Pobail Lusca agus Gaelcholáiste Luimnigh chun scoláirí a chur ar an eolas faoi bhuntáistí teangacha.
D’fhreastail thart ar 1,200 ar na trí mhargadh le chéile.
I ngach imeacht, bhí ainm agus brandáil Languages Connect ar sheastáin TIBÉ, ag tabhairt eolais do
pháirtithe leasmhara ar áiseanna agus tacaí Languages Connect, agus ag tairiscint treorach ar ról teangacha
sa tSraith Shinsearach, ag an tríú leibhéal agus ina dhiaidh. D’úsáid foireann TIBÉ eispéiris phearsanta agus
samplaí ón bhfíorshaol chun tacú le comhráite, mar gur úsáid gach ball teanga agus rinne siad staidéar uirthi
ina gcuid staidéar éagsúla agus go luath ina ngairm. Ba mhinic a bhí scuainí fada scoláirí ag fanacht, agus baill
foirne sáite i gcomhrá. Bhí meas ag scoláirí ar an raon earraí a raibh baint acu le teangacha, málaí brandáilte
agus earraí bolscaireachta. Suaitheantais ‘Dia dhuit’ agus bileoga inscartha i raon teangacha.
Cuireadh ambasadóirí teanga scoláirí agus Comhlaigh TIBÉ leis an bhfoireann do na himeachtaí níos mó –
Higher Options agus Career Options Corcaigh. Bhí na hambasadóirí teanga scoláirí, mar go bhfuil ar
chomhaois leis na scoláirí, a bheag nó a mhór, ábalta roghanna na scoláirí a phlé ar leibhéal piaraí, agus chuir
Comhlaigh TIBÉ guth an mhúinteora agus a dtuiscint uathúil ar eispéireas an scoláire leis an gcomhrá.
Tionchar:
•
Feasacht mhéadaithe ar acmhainní agus tacaíochtaí Languages Connect i measc príomhpháirtithe
leasmhara – thart ar 36,000 duine i láthair thar thréimhse cúig lá idir Higher Options agus Career Options
Corcaigh, an dá imeacht ba mhó, mar aon le thart ar 3,000 ag margaí gairme agus imeachtaí scoláirí níos lú.
•
Feasacht mhéadaithe i measc na ndaoine a d’fhreastail ar na himeachtaí ar bhuntáistí teangacha mar aon
le heolas gairme ar na conairí staidéir atá ann do theangacha éagsúla sa tSraith Shinsearach agus ina
diaidh.
•
Naisc déanta le taispeántóirí eile cuí agus neartaíodh an caidreamh le páirtithe reatha.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Lean ar aghaidh ag freastal ar imeachtaí cuí do scoláirí in 2025
•
Lean le leathnú an fheachtais feasachta trí sheastán a thógáil ag imeachtaí scoláirí i ngach cúige, más
féidir
•
Tógáil ar chaidrimh le comhpháirtithe lena n-áirítear an Roinn Gnóthaí Eachtracha chun litríocht
Languages Connect a chur ar taispeáint agus a chur chun cinn ar a seastáin ag imeachtaí
118
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -