Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 12
oibre nuálach, inspioráideach i dteagasc, foghlaim agus cur chun cinn teangacha. Sa tionscadal a bhuaigh,
‘Polainnis don Tionscadal Foghlaim Chumaisc don Ardteistiméireacht’, tá Polainnis á tairiscint mar ábhar
Ardteistiméireachta do scoláirí na sraithe sinsearaí in BOOCM, nach mbeadh deis acu an t-ábhar seo a roghnú
ar scoil, gan é. Baineadh amach é seo le modúl foghlaim chumaisc ina bhfuil meascán de ranganna ar líne,
ranganna aghaidh ar aghaidh, agus ceachtanna féinstiúrtha.
I rith 2024, bhí TIBÉ páirteach i dtacú leis an Roinn Oideachais sa scéim Cúntóirí Béarla i gcomhthéacs feiceálacht
don scéim a thugann an deis cumas teanga a fhorbairt agus cumas teagaisc a sheachadadh don chóras
oideachais in Éirinn; is minic a deirtear gur gné é an easpa seo is cúis le rannpháirtíocht éigeantach i dteangacha
iasachta a bhaint. Thug TIBÉ isteach sraith céimeanna chun daoine a chur ar an eolas faoin scéim seo, táirge
físeáin, fheachtas gairid meán agus scaipeadh phóstaer i measc IAL ina measc.
Is cuid thabhachtach d’obair TIBÉ é malartuithe scoile a spreagadh. Ainneoin na dúshláin a bhaineann leis seo,
m.sh. ualach oibre méadaithe don mhúinteoir, castacht maidir le cosaint leanaí agus grinnfhiosrúchán an Gharda
Síochána agus níos mó agus níos mó deacrachtaí teacht ar theaghlaigh óstacha féideartha, is gá tacú leis an
ngníomhaíocht thábhachtach seo. Is gá go mbeadh an deis ag scoláirí blaiseadh den teanga bheo, agus a bheith
páirteach ann mar go mbraitheann foghlaim éifeachtach teanga ar thumadh, ar chaidreamh aghaidh ar aghaidh,
ar theanga choirp agus ar bhreathnú sóisialta; ba é easpa na rudaí seo ba chúis le rogha laghdaithe teangacha
iasachta sa tsraith shinsearach.
Buaicphointí eile na bliana ná fuinneamh nua a fheiceáil i soláthar teangacha de bharr seisiúin chomhairleacha
scoile uile, aiseolas dearfach a fháil de bharr rannpháirtíocht méadaithe le Cúntóirí Teangacha Iasachta, agus
méadú ar an líon múinteoirí, sna teangacha a cuireadh leis an gcuraclam níos déanaí, atá cláraithe leis an
gComhairle Múinteoireachta. Fuair roinnt múinteoirí in TIBÉ, a chríochnaigh an clárúchán go rathúil, fostaíocht
go díreach leis an scoil tríd an Scéim Leithdháilte Breise.
Fuair muid baill nua foirne, a thug taithí agus saineolas breise leo go TIBÉ, de bharr an mhéadaithe a tháinig ar
chúram agus ar raon na hoibre in 2024. San áireamh anseo, tá bunbhaill na foirne, comhlaigh agus múinteoirí,
agus cuireann gach duine acu le méadú agus le leathnú na hoibre. Ní fhéadfaimis aon chuid den obair a
dhéanamh gan an fhoireann leathan seo, a bhfuil sibhse, na páirtithe leasmhara, san áireamh ann.
Go raibh maith agaibh as bhur dtacaíocht agus comhoibriú atá sárluachmhar do gach duine againn. Beidh fáilte
romhat cuairt a thabhairt orainn ag an Mol Digiteach le féachaint conas is féidir an caidreamh a threisiú agus
luach ár gcuid oibre a mhéadú.
Idir an dá linn, go raibh maith agat freisin as ár dtuarascáil bhliantúil a léamh.
Karen Ruddock
Stiúrthóir TIBÉ
12
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -