Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 121
Comhoibriú agus Crinnithe:
•
Bhí cruinniú ag TIBÉ le
Comhlachas Tráchtála BrasaílÉireann i Meán Fómhair chun
deiseanna comhoibrithe a
iniúchadh, taithí oibre do
scoláirí Idirbhliana san áireamh.
•
I mí na Nollag, bhí cruinniú ag
TIBÉ le hambasáidí agus
institiúidí cultúrtha chun a
rannpháirtíocht i
bpríomhthionscadail a phlé,
amail Scéim na gCúntóirí
Béarla, Scéim na gCúntóirí
Teanga Iasachta, uasoiliúint
teanga agus soghluaiseacht,
agus #ThinkLanguages.
•
I gcaitheamh 2024, bhí
cruinnithe leis na háisíneachtaí
a chuireann cúntóirí chugainn,,
m.sh. Der Pädagogische
Austauschdienst (PAD).
Feachtas Feasachta
•
Chomhoibrigh TIBÉ le go leor de na hambasáidí ar iarrachtaí feasachta, chun daoine a chur ar an eolas faoi
theangacha na n-ambasáidí seo, agus fosta faoi na tacaí a chuireann TIBÉ ar fáil do na teangacha seo. Is
samplaí iad Oíche Chultúir, #ThinkLanguages, agus seisiúin eolais a thugann TIBÉ, den obair seo.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Lean de bheith ag bualadh go rialta le hionadaithe ó ambasáidí agus institiúidí cultúir chun comhthéacs
agus dul chun cinn a phlé, agus chun tuilleadh comhoibrithe cuí a fhorbairt.
•
Lean ar aghaidh ag iniúchadh meicníochtaí chun soláthar agus rochtain ar na teangacha a tugadh isteach
le déanaí a mhéadú.
•
Déan iarracht deiseanna chun acmhainn teanga i scoileanna agus sa tsochaí a fhorbairt trí dhaoine a
spreagadh le páirt a ghlacadh sa scéim Cúntóirí Béarla.
•
Lean ar aghaidh ag iniúchadh bealaí chun tacú le scéim na gCúntóirí Teanga Iasachta agus é a threisiú in
oideachas teanga in Éirinn, go háirithe i gcomhthéacs tabhairt isteach Nuatheangacha Iasachta i
gCuraclaim Teanga na Bunscoile.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
121