Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 125
Collaboration with Education Support Centres Ireland (ESCI)
• Bhunaigh ann fhoireann bhunscoile comhoibriú leanúnach le ESCI i gcomhthéacs deiseanna uasoiliúna a
sholáthar do mhúinteoirí bunscoile.
Bunaíodh meitheal thiomanta idir TIBÉ, Oide, COGG agus CNCA chun comhchur chuige a iniúchadh i gcur i
bhfeidhm FCÁT. Tá cruinnithe torthúla tar éis cuidiú le comhthuiscint agus comhfhís FCÁT a mhúnlú i
gcomhthéacs oideachas na hÉireann.
Tionchar:
•
Tugann comhoibriú le háisíneachtaí eile oideachais rochtain ar shaineolas éagsúil agus méadaítear ar
dheiseanna scaipthe oibre, mar aon le foghlaim ghairmiúil.
•
Tá TIBÉ tar éis obair ghairmiúil comhoibrithe a dhaingniú agus a leathnú, agus tá áiseanna agus eispéiris
ar fáil níos éasca do pháirtithe leasmhara cuí.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Lean leis an dlúthobair le comhpháirtithe oideachais agus áisíneachtaí chun go mbeidh an obair ag
teacht le polasaithe sa n earnáil oideachais, agus chun scaipeadh áiseanna agus tacaí a mhéadú.
•
Úsáid comhoibriú atá ann faoi láthair chun deiseanna nua a iniúchadh chun tionchar na hoibre a mhéadú.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
125