Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 127
Gníomhaíocht:
Sa bhlain 2024, bhí páirt ag TIBÉ i bhfóraim agus imeachtaí do mhúinteoirí agus do pháirtithe leasmhara.
Tugadh deis do TIBÉ sna himeachtaí seo tionscadail a scaipeadh agus teagmháil a dhéanamh le múinteoirí
agus le páirtithe leasmhara eile maidir leis na forbairtí is déanaí i ndomhan na NTI agus maidir le háiseanna
agus tacaí atá ar fáil.
Chuir TIBÉ leis na himeachtaí a leanas agus/nó bhí taispeántas acu ann:
•
Comhdháil ATS (Líonra Gairmiúil Múinteoirí Spáinnise)
•
Brazil Showcase
•
Comhdháil Bord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann (ETBI)
•
Experience Japan
•
Comhdháil GDI (Líonra Gairmiúil Múinteoirí Gearmáinise)
•
Comhdháil Institiúid na dTreoirchomhairleoirí
•
Comhdháil Oideachais Chumann Múinteoirí Éireann (CME)
•
Comhdháil Sainchomhairleoireachta Chumann Múinteoirí Éireann (CME)
•
Féile na dTeangacha Dúchais
•
Comhdháil Chumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha (NAPD)
•
Comhdháil Sainchomhairleoireachta Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM)
Tionchar:
•
Thug rannpháirtíocht TIBÉ i bhfóraim agus imeachtaí cuí deiseanna chun na tacaí atá ar fáil a roinnt le
páirtithe leasmhara, dea-chleachtas a aibhsiú, agus modheolaíochtaí nuálacha teagaisc a thaispeáint.
•
Aithníodh deiseanna nua comhoibrithe agus scaipthe
Na chéad chéimeanna eile:
•
Lean de bheith rannpháirteach go gníomhach agus bheith i dteagmháil le fóraim agus imeachtaí cuí chun
daoine a mhealladh le bheith páirteach in oideachas teangacha iasachta agus chun deiseanna a aithint
tacú le cur i bhfeidhm straitéise.
•
Lean le scaipeadh na dátaí agus áiseanna atá ar fáil do mhúinteoirí agus páirtithe leasmhara.
•
Tóg ar an obair reatha le comhpháirtithe agus le páirtithe leasmhara chun leanúint ar aghaidh ag tabhairt
teachtaireachtaí atá fiúntach agus oiriúnach don obair.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
127