Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 129
Comhdhálacha agus Páipéir Acadúla
Gníomh: 3.A.8
Tá bunús taighde taobh thiar de go leor den obair a dhéanann TIBÉ. Cuidíonn taighde le súil a choinneáil ar
dhul chun cinn agus measúnú a dhéanamh ar thorthaí tionscadail, agus tugann sé treoir don obair. Nuair a
dhéanann baill foirne TIBÉ taighde, spreagtar iad é a scaipeadh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Cuidíonn
na deiseanna seo le naisc a chothú le saineolaithe cuí i gcomhthéacs níos leithne.
Comhdháil Dhomhanda Chumann Idirnáisiúnta Theangeolaíocht Fheidhmeach
11-16 Lúnasa 2024 - Hibridd
Mar chuid de Comhdháil Dhomhanda Chumann Idirnáisiúnta Theangeolaíocht Fheidhmeach, thug Laura
Quigley páipéar leis an Ollamh Kim Bower, agus Dee Rutgers, Ph, D, mar chuid d’obair leanúnach TIBÉ ar FCÁT.
Ba é ‘The potential of multiliteracies in CLIL to engage language learners in Ireland’ teideal an pháipéir.
Measúnú agus Creidiúnú Sheirbhísí Cáilíochta Teanga (EAQUALS)
11-12 Deireadh Fómhair 2024 – Ar líne
Thug Kenia Puig I Planella, Ph.D, i gcomhpháirt le Miranda Karjagdi Colak, Ph.D, ó Scoil Teangacha Iasachta in
Ollscoil Teicenoalíochta Bursa, seisiún ag comhdháil EAGUALS faoin téama ‘Cleachtais Cháilíochta i dTeagasc
Teangacha’. Sa chur i láthair, rinneadh iniúchadh ar threochtaí reatha in oideachas ilteangach agus
idirchultúrtha, agus tugadh aghaidh ann ar riachtanais i gcomhthéacsanna éagsúla oideachais. Tugadh
straitéisí praiticiúla don lucht freastail chun cur lena gcleachtas teagaisc, chun tacú le forbairt ghairmiúil agus
chun torthaí foghlama a fheabhsú ina gcuid institiúidí. Ba dheis é an cur i láthair fosta chun an obair a
dhéanann TIBÉ chun tacú le hoideachas ilteangach idirchultúrtha a thaispeáint.
Comhdháil Bhliantúil Chumann Teangeolaíochta Feidhmí na hÉireann (IRAAL)
15-16 Samhain 2024, Coláiste na hOllscoile, Corcaighk
Thug Chang Zhang páipéar ag Comhdháil Bhliantúil IRAAL 2024 ar oideachas tosaigh múinteoirí teangacha
na hÁise in Éirinn, inar pléadh dúshláin agus féidearthachtaí amach anseo. Foilsíodh páipéar ar an ábhar seo
in Imleabhar 31 TEANGA, iris IRAAL.
Foilseacháin i 2024
•
Bower, K., Rutgers, D., & Quigley, L. (2024).
Learner perceptions of a national CLIL Innovation in Foreign Languages in the Republic of Ireland (5474).
Frontiers in Education, 9.
http://doi.org/10.3389/feduc.2024.1456630
•
Zhang, C., & Ruddock, K. (2024).
Bridging Gaps and Building Futures: Establishing initial teacher education for Asian languages in Ireland.
TEANGA, the Journal of the Irish Association for Applied Linguistics, 31, 231–255.
https://doi.org/10.35903/teanga.v31i.7643
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
129