Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 131
Comhoibriú maidir le hArdú Feasachta – Léamhatón SI
Gníomh: 3.A.2
3.A.8
23 Teanga
Léargas ginearálta:
Spreagann Léamhatón IS páistí chun an oiread leabhar agus is féidir leo a léamh le linn mhí na Samhna, fad is
a bhailíonn siad airgead do Scléaróis Iolrach Éireann. Tá TIBÉ tar éis a bheith ag comhoibriú le SI Éireann le
roinnt blianta anuas chun urraíocht a dhéanamh ar dhuais i gcatagóir speisialta do theangacha iasachta.
Príomhaidhmeanna:
•
Daoine óga a spreagadh chun léamh i dteanga seachas Gaeilge nó Béarla
•
Tábhacht na léitheoireachta i dteanga oidhreachta a chur chun cinn i measc tuismitheoirí
Gníomhaíocht:
Chuir Languages Connect le cur chun cinn na hócáide agus spreag siad rannpháirtithe chun léamh i dteanga
eile seachas Gaeilge nó Béarla. Den chéad uair i mbliana, cuireadh léirmheas ar leabhar i dteanga iasachta san
áireamh sa chomórtas. Thapaigh na páistí an deis chun léamh i raon leathan teangacha, Albáinis, Araibis,
Bulgáiris, Cróitis, Seicis, Danmhairgis, Ollainnis, Fraincis, Gearmáinis, Gréigis, Eabhrais, Hiondúis, Ungáiris,
Seapáinis, Iodáilis, Liotuáinis, Mandairínis, Polainnis, Portaingéilis, Rúisis, Spáinnis, Tuircis agus Úcráinis san
áireamh. Spreagadh tuismitheoirí chun a gcuid leanaí a chur ag léamh ina dteanga oidhreachta. Bhí
dhuaiseanna ann do bhuaiteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile araon. Léigh na buaiteoirí léirmheasa leabhair
in Ollainnis agus Spáinnis.
Tionchar:
Na chéad chéimeanna eile:
• Cabhraíonn an chomhpháirtíocht seo le líon níos
• Lean de bheith ag obair le Léamhatón SI 2025
leithne daoine a spreagadh le bheith ag léamh i
agus bain tairbhe as na deiseanna teangacha
dteanga iasachta agus cuireann sé leis an
a chur chun cinn i measc páistí agus scoláirí ar
bhfeasacht ar bhuntáistí scileanna teanga i measc
fud na tíre a ghlacann páirt i ngníomhaíocht
páistí agus tuismitheoirí ar fud na tíre
tiomsaithe airgid seanbhunaithe mar sin.
• Spreagann an togra páistí le nascadh lena dteanga
oidhreachta, nó fanacht nasctha léi.
• I 2024, léigh páistí i 23 teanga iasachta éagsúla.
• Iarracht a dhéanamh cur le rannpháirtíocht
scoláirí atá páirteach in ‘Cuir Fáilte Roimh
Theangacha’ in Léamhatón SI.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
131