Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 133
In Aibreán 2024, thug TIBÉ caint do threoirchomhairleoirí in Ollscoil Luimnigh. Díríodh san imeacht ar áiseanna
a bhaineann le Treoir agus tugadh deis ann dóibh siúd a d’fhreastail air ceisteanna a chur.
I Lúnasa 2024, bhí áthas ar TIBÉ fáiltiú roimh bheirt Chomhlach nua ar an bhfoireann – tháinig an bheirt acu ó
chúlra NTI agus Treoir. Beidh a dtacaíocht sa réimse seo an-luachmhar.
Comhoibriú le Páirtithe Leasmhara
Lean an chomhpháirtíocht le CareersPortal.ie in 2024. Bíonn ailt ó Languages Connect i ngach nuachtlitir de
chuid saoloibre.ie, a sheoltar chuig treoirchomhairleoirí gach mí. Tá tíl teanga ar gach ceann de na 33 réimse
gairme ar an suíomh gréasáin agus bíonn uasdátuithe TIBÉ ar fáil go rialta ar phostálacha meán sóisialta ar
CareersPortal.ie. Déantar uasdátú leanúnach ar Aimsitheoir Cúrsa Languages Connect chun gach cúrsa tríú
leibhéal ina bhfuil teanga ag mórleibhéal, mionleibhéal nó mar rogha, a chur san áireamh.
Comórtas Scileanna Gairme CareersPortal.ie
Tá sé mar aidhm ag an gComórtas Scileanna Gairme scoláirí a spreagadh leis an ról atá ag scileanna ina
ngairm agus oideachas amach anseo. In 2024, lean TIBÉ ar aghaidh le hurraíocht a dhéanamh ar dhuais i
gcatagóir speisialta – Duais Languages Connect le
haghaidh Gairme le Teangacha Iasachta.
Tharla Bronnadh na nDuaiseanna 2024 i mBealtaine ag an
Roinn Oideachais. D’fhreastail breis agus 100 duine ar an
searmanas, na scoláirí a bhuaigh, a gcuid múinteoirí,
príomhoidí, príomhoidí tánaisteach, treoirchomhairleoirí
agus tuismitheoirí san áireamh.
Chuir beagnach 1,500 scoláirí isteach ar an gcomórtas ó
148 scoil ar fud na tíre. Ba í Aoife McCann ó Scoil an Chroí
Naofa, Droichead Átha, Co. Lú, buaiteoir roinn Languages
Connect.
Tionchar:
•
Feasacht mhéadaithe i measc príomhpháirtithe leasmhara in earnáil na treorach maidir le tábhacht
teangacha i gcomhthéacs na ndeiseanna staidéir agus gairme
•
Rannpháirtíocht shuntasach le hacmhainní ar líne ar shuíomh gréasáin CareersPortal.ie, lena n-áirítear
290k amharc ar Leathanach na dTeangacha. Bhí 25k amharc ar fhíseáin teanga, agus ar fhíseáin a
bhaineann le gairm agus teanga, agus 25k amharc eile ar leathanaigh a bhaineann le rogha ábhar teanga.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Lean de bheith ag leathnú ról na gComhlach nuacheaptha don Treoir, ag díriú go háirithe ar chur le
teagmháil le Treoirchomhairleoirí eile chun eolas agus áiseanna tábhachtacha a roinnt.
•
Leanúint de bheith ag méadú an chomhoibrithe, agus féachaint ar dheiseanna eile rannpháirtíochta, le
gach páirtí leasmhar ábhartha lena n-áirítear comhairleoirí gairmthreorach, Institiúid na gComhairleoirí
Gairmthreorach, CareersPortal.ie agus seirbhísí tacaíochta gairmiúla eile.
•
Ullmhaigh agus tabhair dhá cheardlann ag chomhdháil bhliantúil IGC i 2025.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
133