Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 134
Sraith Acmhainní d’Oíche Oscailte
5 sheisiún tacaíochta ar líne
Gníomh: 3.A.2
1 seisiún i nGaeilge
Léargas ginearálta:
Cuireann Sraith Acmhainní d’Oíche Oscailte de chuid Cuir Fáilte Roimh Theangacha sraith acmhainní ar fáil
do mhúinteoirí atá ag pleanáil chun oícheanta oscailte a óstáil laistigh dá scoileanna. Trí réimse de
ghníomhaíochtaí samplacha, tá sé mar aidhm ag an tsraith acmhainní tacú le roghnú nuatheangacha
iasachta (NTI) i réimsí ábhair NTI sa tSraith Shóisearach. I Meán Fómhair 2024, cuireadh seisiúin ar líne ar fáil
chun tacú le múinteoirí ar conas a d’fhéadfaidís úsáid na sraithe acmhainní a mhéadú i measc scoláirí a
bheadh le teacht isteach sa chéad bhliain.
Aiseolas ó 2024 bunaithe ar
na seisiúin seo:
Príomhaidhmeanna:
•
Tacú le múinteoirí gníomhaíochtaí agus cuir i láthair mhealltacha
a ullmhú d’oícheanta oscailte
•
Cabhrú le múinteoirí roghnú NTInna a chur chun cinn ina
scoileanna agus scoláirí féideartha a spreagadh chun fáilte a
chur roimh theangacha agus ábhair á roghnú acu don
tSraith Shóisearach.
‘Cur i láthair agus áiseanna
ar fheabhas. Cur chuige an-phraiticiúil.
Míe buíochas’
‘An-chabhrach, deis iontach líonrú a dhéanamh le
múinteoirí eile NTI agus smaointe a roinnt’
Gníomhaíocht:
‘Smaointe iontacha. Curtha i láthair ar bhealach soiléir’
Chun daoine a chur ar an eolas faoin tsraith acmhainní agus
Go raibh míle maith agat. Is múinteoir nuacháilithe mé
agus bhí sé seo thar a bheith cabhrach!!!’
chun taú le múinteoirí í a úsáid, tugadh sraith seisiún ar líne i
Meán Fómhair 2024, ceann amháin i nGaeilge mar throadh ar
chomhpháirtíocht le COGG (An Chomhairle um Oideachas
Gaeltachta agus Gaelscolaíochta). Chláraigh 124 múinteoir chun
‘An-chabhrach noda a fháil ar conas
an tsraith acmhainní a úsáid ar
bhealach maith’
freastal ar na seisiúin seo.
Tionchar:
•
Tá feasacht níos fearr i measc páirtithe leasmhara ar an tsraith acmhainní agus conas is féidir í a úsáid
chun tacú le roghnú teangacha.
•
Thuairiscigh múinteoirí a d’fhreastail ar na seisiúin chun tacú le húsáid na sraithe i Meán Fómhair 2024
aiseolas dearfach.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Sraith seisiún ar líne a thabhairt i Meán Fómhair 2025 chun tacú le húsáid leanúnach na sraithe acmhainní
agus le straitéisí eile chun tacú le teangacha a roghnú agus scoláirí ag teacht isteach sa scoil, agus ag
pointí aistrithe ón tSraith Shóisearach go Sinsearach.
•
Déan athbhreithniú tréimhsiúil ar ábhar na sraithe acmhainní ionas go mbíonn sé suimiúil, oiriúnach agus
freagrúil do riachtanais phobail scoile.
134
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -