Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 135
Seisiúin Eolais ar Theangacha don Ardteistiméireacht do
Thuismitheoirí agus Páirtithe Leasmhara
8 seisiún ar líne
Gníomh: 3.A.6
283 duine a d’fhreastail
Léargas ginearálta:
Chun cur le cumarsáid le scoláirí teangacha a tugadh isteach le déanaí agus teangacha tearctheagasctha
curaclaim (m.sh. Liotuáinis, Mandairínis, Polainnis, Portaingéilis, Rúisis) agus chun tacú leis na scoláirí agus a
dtuismitheoir, d’eagraigh TIBÉ seisiúin rialta eolais chun go rachaidís i dtaithí ar cháipéisí curaclaim agus eolas
maidir leis na scrúduithe stáit.
Príomhaidhmeanna:
•
Tuismitheoirí agus scoláirí a chur ar an eolas maidir le heolas cuí agus tacaí a chuireann TIBÉ agus
áisíneachtaí eile ar fáil
•
Tacú le tuismitheoirí scoláirí reatha agus scoláirí féideartha na dteangacha a tugadh isteach le déanaí agus
teangacha tearctheagasctha curaclaim.
•
Páirtithe leasmhara a chur ar an eolas agus teagmháil a dhéanamh leo maidir leis an bpríomheolas agus
forbairtí sna sonraíochtaí nua
Gníomhaíocht:
I 2024, d’eagraigh TIBÉ ocht seisiún eolais ar líne dírithe ar scoláirí na dteangacha a tugadh isteach le déanaí
agus a dtuismitheoirí. D’fhreastail 283 ar na seisiúin seo, a chuimsigh raon ábhar, ina measc seirbhísí
tacaíochta, sonraíochtaí curaclaim, cáipéisí tacaíochta, an scrúdú stáit agus comhairle ar dhea-chleachtas
staidéir ar scoil agus sa bhaile.
D’eagraigh TIBÉ seisiún ar líne do Rúisis na hArdteistiméireachta den chéad uair i mbliana. D’fhreastail 82
scoláire sa chúigiú agus séú bliain, a raibh suim acu tuilleadh a fháil amach faoi scrúdú na
hArdteistiméireachta. Ba i Rúisis a tugadh an seisiún.
Chun rochtain níos leithne a chinntiú, rinne TIBÉ teagmháil leis an bpobal áitiúil, d’úsáid siad cainéil mheán
sóisialta, agus comhoibrigh siad leis na hambasáidí cuí chun tuismitheoirí agus scoláirí a chur ar an eolas faoi
na seisiúin eolais. Ag aithint an gá atá le rochtain taobh amuigh de na seisiúin bheo, Chuir TIBÉ liosta
ceisteanna coitianta le chéile, ar fáil ar languagesconnect.ie i mBéarla agus sa sprioctheanga. Tacaíonn na
háiseanna seo le tuismitheoirí a bhfuil cúlraí éagsúla teanga acu agus tugann siad eolas do lucht léite níos
leithne.
Ba ardán iad na seisiúin eolais seo chun na ranganna a thugann TIBÉ ar an Satharn a chur i láthair.Tá na
seisiúin féin agus na ranganna dírithe ar scoláirí atá ag déanamh staidéir ar an gcuraclam lasmuigh den scoil,
cothaíonn siad cumarsáid agus cothaíonn siad pobal i measc foghlaimeoirí.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
135