Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 137
Tacaíocht don Úcráinis
Gníomh: 2.F.4
272 duine a d’fhreastail
Léargas ginearálta:
Tugann TIBÉ tacaíocht do scoláirí Úcráinise a bhfuil sé i gceist acu tabhairt faoin scrúdú Ardteistiméireachta. Is
í an Úcráinis an chéad teanga neamAE le cur ar na scrúduithe mar pháipéar Ardteistiméireachta
neamhchuraclaim agus beidh sé ar fáil do scoláirí mar scrúdú den chéad uair i Meitheamh 2025. Tugadh an
chéad seisiún eolais de chuid TIBÉ chun tacú leis an bpáipéar scrúdaithe Ardteistiméireachta
neamhchuraclaim in Úcráinis i 2024.
Príomhaidhmeanna:
•
Tacaíocht a thabhairt do scoláirí atá ag smaoineamh ar thabhairt faoin scrúdú Arditeistiméireachta in
Úcráinis.
•
Iarrthóirí féideartha scrúdaithe a chur ar an eolas faoin scrúdú nua seo.
Gníomhaíocht:
Mar ullmhúchán do thabhairt isteach Úcráinis neamhchuraclaim na hArdteistiméireachta, eagraíodh imeacht
dírithe ar scoláirí sa chúigiú agus sa séú bliain iar-bhunscoile a chur ar an eolas faoin bpáipéar nua scrúdaithe
seo. Chláraigh 272 scoláire, tuismitheoirí agus daoine eile le páirt a ghlacadh ann.
D’fhorbairt TIBÉ bileog tiomnaithe eolais ar scrúdú Úcráinis na hArdteistiméireachta chun tacú le scoláirí agus
páirtithe leasmhara eile le ceisteanna maidir leis an scrúdú seo.
Na chéad chéimeanna eile:
•
Óstáil seisiúin eolais ar líne, ag díriú ar an bpáipéar nua scrúdaithe, i mí Eanáir 2025.
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -
137