Annual Report 2024 IRISH - Flipbook - Page 142
Comhoibriú le Fiontair agus Fostóirí
Lucht léite Feachtas Alt na Meán: 2.7m
Gníomh 4.A
Fiontraíocht Éireann Síntiúsóirí Ezine: 9.5k
Léargas ginearálta:
Tá roinnt gníomhaíochtaí déanta ag TIBÉ i gcomhar le fostóirí agus leis an earnáil fiontraíochta chun suntas
na scileanna teanga a aibhsiú do scoláirí, ag cur béim ar ábharthacht na scileanna seo i gcomhthéacsanna
gairmiúla.
Príomhaidhmeanna:
•
Feasacht a mhéadú i measc na scoláirí ar an tábhacht a bhaineann le scileanna teanga sa ghnó, san
fhiontar, agus i ngairmeacha beatha éagsúla, agus fostóirí a chuimsiú san iarracht seo
•
Deiseanna a thabhairt do scoláirí taithí phearsanta a fháil ar an gcaoi a n-úsáidtear teangacha i
suíomhanna gnó san fhíorshaol
•
Dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara sa tionscal chun dearcaí reatha a thuiscint agus plé a dhéanamh ar
an ngá atá le scileanna teanga i bhfórsa saothair an lae inniu, chomh maith le fás ar dheiseanna taithí
oibre a spreagadh do scoláirí atá ag foghlaim teangacha.
•
Scileanna teanga a dhearbhú agus a aithint trí chomórtais agus imeachtaí fiontraíochta, ag cothú
spreagadh agus muinín i measc na scoláirí
Gníomhaíocht:
Comhoibriú leis an Roinn Ghnóthaí Eachtracha (RGE)
I 2024, chomhoibrigh TIBÉ leis an RGE ar
roinnt tograí a thug tacaíocht do
Languages Connect: Straitéis na hÉireann
do Theangacha Isachta san Oideachas –
2027-26 agus straitéis ‘Gairm don AE’. Ag
imeachtaí ábhartha inaa díríodh ar scoláirí
iar-bhunscoile, scaipeadh eolas faoi
dheiseanna gairme laistigh den Aontas
Eorpach (AE) agus an tábhacht a
bhaineann le scileanna teanga do straitéisí
an AE. Thacaigh an RGE le TIBÉ trí ábhair
Languages Connect a roinnt chun
buntáistí scileanna teanga don fhorbairt
ghairme a aibhsiú ag imeachtaí nach raibh
ionadaíocht ag TIBÉ ann. Scaipeadh TIBÉ
ábhair ar son RGE ag imeachtaí eile.
142
- TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2024 -